Le teacht an earraigh, bíonn siad siúd a bhfuil gairdín acu amuigh ag iarraidh ord agus eagar a chur air tar éis an gheimhrimh.
Baineann páistí an sult go deo as an ngairdín. Bíonn sé lán dhraíocht; tugann sé deis dóibh éirí salach agus spraoi a bheith acu faoin spéir oscailte. Is deis foghlama é faoin saol timpeall orthu agus déanann an duilliúr maitheas dár sláinte.
Fós féin, bíonn a chontúirtí féin ag gach gairdín agus is gá páistí a chur ar an eolas faoi sin.
Fiosracht
Is féidir leis bheith deacair fiosracht páiste a threorannú. Is cuma cé chomh mhaith is a bheidh do mhaoirseacht, is iomaí tuismitheoir a d’amharc an bealach eile ar fadh soicind le fáil amach go raibh an páiste imithe.
Cuidíonn teorainn le sconsa leat saoirse a thabhairt don pháiste rith timpeall. Muna bhfuil sconsaí timpeall an ghairdín, déan cinnte go dtuigeann páistí nár chóir imeacht rófhada ar shiúl ón teach.
Má tá an gairdín taobh leis an bhóthar, is gá dainséir an bhóthair a theagasc dóibh.
Linnte uisce
Bíonn a ndainséar féin ag linnte uisce nach gá a mhíniú. Is féidir le himill na linnte bheith sleamhnach má tá siad fliuch.
Taobh amuigh den bpriacal titim isteach, is féidir le gortú bheith i gceist le titim ar taobh na linne. Cuidíonn sconsa timpeall linnte leis an bpriacail seo a mhaolú.
Ag ithe na plandaí
Cuireann taiscéalaíocht san fhásra gliondar ar chroíthe páistí. Is féidir le roinnt plandaí agus feithidí bheith contúirteach.
Is fiú feithidí agus plandaí cealgacha agus plandaí eile cosúil le neantóga a thaispeáint dóibh.
Cuir ina luí orthu nár chóir dóibh plandaí a ithe.
Treallamh leictreach
Má tá tú ag obair le treallamh leictreach, bí cinnte de go bhfanann páistí amach as. Is mó an baol ón treallamh má tá an talamh fliuch.
Ar theacht isteach sa teach leo, déan rud mór de ghlanadh na lámh.
Ceimicí
Déan cinnte de nach bhfuil teacht ag páistí ar aon cheimicí a úsáidtear sa ghairdín. Ná bíodh an páiste ag imirt in aon limistéir ina bhfuil fiailnimh ar an talamh.
Má tá cac ainmhithe ina luí thart, ba chóir é a ghlanadh.
Is é an t-aon bhealach le sábháilteacht páistí sa ghairdín a chinntiú ná maoirseacht a dhéanamh orthu. Ní cúis é sin gan sábháilteacht a theagasc dóibh.