Teachtaireachtaí gur fiú a roinnt an óige
Déanann spraoi amuigh faoin ghrian maitheas dúinn uilig ach má éiríonn an ghrian róthe is féidir leis dochar a dhéanamh dúinn. Is féidir le dóú na gréine lá deas samhraidh a mhilleadh ort agus méadaíonn sé baol ailse.
Tá sé ar leas páistí foghlaim faoin bhaol seo agus conas é a láimhseáil.
Seo roinnt teachtaireachtaí simplí gur féidir roinnt le páistí lena gcosaint ón ghrian:
- Uachtargréine – cuir neart uachtar gréine SPF 30+ agus é uiscedhíonach gach dhá uair a chloig.
- Hata gréine – Cosnaíonn hata gréine le duileog leathan d’aghaidh, muineál agus cluasa.
- Spéaclaí gréine – Tugann spéaclaí cosaint do shúile ó ghánna ultraivialaite.
- T-leinte – Caith t-léine le do ghualaí a chosaint.
- Foscadh ón ghrian – Is fiú an ghrian a sheachtaint idir 11.00 agus 15:00 ar na laethanta is teo.
- Deochanna – Ól neart uisce
Níl aon leigheas ann
Níl aon leigheas ar dóú na gréine. Tá céimeanna ann gur féidir a ghlacadh leis an bpian agus an míchompord a mhaolú áfach.
Is fiú na céimeanna seo a leanas gur chóir a ghlacadh a bheith ar an eolas ag daoine óga:
- Breis leachtanna a ól le díhiodraitiúchán a sheachaint.
- Pian mhuchóirí a thógáil, ar comhairle an phoitigéara.
- Lóis bunaithe ar aló íceach a thugann faoiseamh a úsáid. Faigh comhairle an phoitéara.
- Éadaí éadroma atá bog ar an chraiceann a chaitheamh.
- Cithfholcadh nó folcadán fionnuar.
· Ná bris spuaiceanna ach bac chóir ungar frithbhaictéarach a chur orthu nauir a bhriseann siad go nadúrtha.