Mar thuismitheoirí cuirimid an-bhéim ar cáilíochtaí acadúla dár bpáistí, cháilíochtaí a chinnteoidh post maith agus saol compordach dóibh agus ina ndaoine fásta.

Tosaíonn an bhéim seo agus na páistí an óg, iad ag comháireamh don chéad uair agus ag dul i dtaithí ar an léitheoireacht. Cuireann na sainchomharthaí forbartha gliondar ar chroíthe na dtuismitheoirí.

Agus gan amhras, tugann sé seo bunús maith dóibh agus iad ag tabhairt faoina scolaíocht ar ball. Ach de réir taighde, is comhartha sóirt níos fearr iad scileanna sóisialta ar rath a bheidh ar an duine fhásta.

De réir an taighde, tá coibhneas idir scileanna sóisialta a léirítear ag naíonra agus sláinte is infhostaíocht ag aois 25.

Má bhí scileanna sóisialta seach forbartha acu sa naíonra, is mó seans go ndéanfaidh siad go maith ar scoil agus post a fháil ná na páistí sin nach raibh scileanna sóisialta forbartha acu.

Is féidir le tuismitheoirí forbairt scileanna sóisialta a bpáistí a fheabhsú le:

  1. Am súgartha nach bhfuil struchtúrtha le páistí eile ar comhaois leo.
  2. Má tá páistí ag troid nó ag argóint le chéile, b’fhiú iarracht a dhéanamh ról a thabhairt dóibh i réiteach na coimhlinte. Iarr orthu údar na coimhlinte a mhíniú agus barúil a thabhairt ar an réiteach.
  3. Bí ag caint ar mhothúcháin agus ainmnigh na mothúcháin difriúla. Má fheictear cuma bhrónach ar aghaidh an pháiste, fiosraigh cad is cúis leis. Cothaigh comhrá faoi mhothúcháin. Bíonn leabhair scéalaíochta cuiditheach sa phróiseas seo.
  4. Tabhair deis do pháistí óga cuidiú leat timpeall an tí le tascanna simplí agus bí flaithiúil agus tú ag léiriú buíochas as an chuidiú sin.

Beidh léitheoirí na nuachtlitreach seo sásta a chluinstin go mbíonn scileanna sóisialta níos fearr, ar an mheán, ag páistí atá dátheangach.