Le Liam de Lása
Tá tréimhse caite ag foireann Ghlór na nGael ag caint agus ag comhrá le tuismitheoirí ó fud fad na tíre faoi na buntáistí agus na deacrachtaí a bhaineann le páistí a thógaint le Gaeilge. Ní féidir na deacrachtaí a shéanadh ach is ar shárú na ndeacrachtaí a bhí ár n-aird le os cionn mí anuas. Ciallaíonn fás an Ghaeloideachais le fiche bliain anuas go bhfuil ról níos lárnaí ag an Ghaeilge i saol ár bpáistí sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh. Bíonn fonn ar thuismitheoirí an buntáiste breise a thabhairt dóibh sa bhaile agus an Ghaeilge a bheith mar ghnáthchuid dá saol.
Admhaíonn na tuismitheoirí a cuireadh faoi agallamh, go raibh beocht na teanga an-tábhachtach sa phróiseas agus gurb é an dúshlán is mó atá romhainn ná go leor deiseanna a sholáthar do pháistí an teanga a bhlaiseadh i suímh neamhfhoirmeálta, spraíúla taobh amuigh den chóras oideachais. Tá an-rath ar an scéim ‘Teanga Tí’ le cúpla bliain anuas. Déanann an scéim seo daoine a thabhairt le chéile trí imeachtaí a eagrú ina mbíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga an imeachta.
Is é taithí Ghlór na nGael ná go mbíonn rath ar an tsimplíocht nuair a thagann sé chuig imeachtaí Gaeilge a reáchtáil do theaghlaigh. Bíonn siúlóidí teaghlaigh, maidineacha scéalaíochta, maidineacha spraíúla, ceardlanna ceoil, ceardlanna ceardaíochta agus a thuilleadh ar siúl ag na grúpaí Teanga Tí go rialta agus cabhraíonn sé go mór le tuismitheoirí gréasáin a chruthú le chéile agus teaghlaigh eile ina gceantar féin a thabhairt leo ar an turas.
Moltar do theaghlaigh teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael más mian leo a ngrúpa féin a bhunú agus leas a bhaint as an maoiniú atá ar fáil chun imeachtaí taitneamhacha a reachtáil. Más ag lorg smaointí chun imeachtaí a eagrú tú féin atá tú, tá na himeachtaí seo a leanas éasca le heagrú agus tá siad oiriúnach don bhfoghlaimeoir agus don gcainteoir líofa.
Cuireadh chun béile:
Tá an ceann seo an-simplí gan mórán costais ag baint leis. Tugann teaghlach amháin cuireadh do theaghlaigh eile le Gaeilge chun béile a bheith acu leo.
Coinne Súgradh
Tá na coinní súgradh an-choitianta na laethanta seo. Níl ach beirt pháiste ag teastáil chun teacht le chéile ar feadh cúpla uair an chloig ag súgradh as Gaeilge. Tá réimse leathan de chluichí ar fáil ó www.udar.ie chun an Ghaeilge a chur i lár an spraoi agus Gaeilge na bpáistí a shaibhriú le cluichí ar nós ‘Monopoly as Gaeilge’ agus an leagan nuasheolta den chluiche boird ‘Cluedo as Gaeilge’ gan ach cuid acu a lua. Cabhraíonn caighdeán ard na gcluichí boird ó Údar le ról na Gaeilge ag na coinní súgradh.