Storytime with Donach and Friends
Above is a link to videos of Donach and Friends reading stories in Irish suitable for children in different age groups. It provides a small insight into the large selection and range of wonderful books available through Irish for children.
A selection of the stories, organised by age category is available below:
Story time with Donach
Age group 0 go 4
📙 Hata Oisín (Oisín’s Hat) read by Donach 🧔 Oisín wants a new hat, but it is difficult to choose. There are so many hats to be see everywhere — on the street, in the shop… not to mention the hats he sees in the mirror. Author – Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg from 2020 to 2022. Illustrator: Carol Betera. Publisher: Comhar
An Chéad 100 Uimhir (1st Hundred Words) read by Donach. How many animals are in the enclosure? Find the Starfish! Where are the 4 Ladybirds?? Young children will enjoy this colourful book. BMore than 50 tabs to help children learn numbers and counting . Publisher: An Gúm.
📙 An Sicín Beag Buí (The Small Little Chicken) read by Donach🧔 A book of rhymes for very young children where they learn the sounds the different animals make. Author: John Lawrence. Translated into Irish: Seosamh Ó Murchú
Age group 4 to 7
📙 Am Codlata i Lár na Coille (Sleep time in the Middle of the Wood) read by Donach. It is time to go to sleep for the young animals in the middle of the woods, but they would prefer to play rather than sleep. Author: Carole Lexa Schaefer. Vanessa Cabban translated and illustrated it. Published by An Gúm.
📙 An Mac Tíre a Raibh Faitíos an Domhain Air (The Wolf who was very afraid) read by Donach. The Wolf is always afraid, and the other wolves laugh at him. He doesn’t think he is a proper Wolf. Eventually he decides to go out into the big world and look for his courage. Author: Orianne Lallemand.
📙 An Mac Tíre a bhí ina Shárlaoch (The Wolf who was a Superhero) read by Donach.🧔 There was a Wolf long ago and, one day, he looked in the mirror and said to himself that he would like to be a Superhero. ‘It will be great,’ he said, ‘I will have a wonderful costume, I will help people, and everyone will admire me! Author: Orianne Lallemand. Publisher: Leabhar Breac.
📙 Séimí ar an gCóisir (Séimí at the Party) read by Donach.🧔 Irish translation by Seosamh Ó Murchú of Sonny’s Birthday Prize that was published by Piccadilly Press in 1997. A story that would be suitable for children aged 4 to 9 mbliana d’aois or as a story read at bedtime to younger children do leanaí níos óige. Colourful illustrations by the author. Author: Lisa Stubbs. Transltated into Irish: Seosamh Ó Murchú.
📙 Cá bhfuil Ruairí? (Where is Ruairí?) read by Donach. 🧔 Ruairí is missing and his friends go looking for him. It is not long before a lorg crowd of people are in pursuit! But all is not as it seems and eventually there is an unexpected turn of events for everyone…. Author: Colman Ó Raghallaigh. Illustrator: Anne Marie Carroll
📙 Mamó Cois Trá (Granny at the Seaside) read by Donach. 🧔Granny spends the day at the seaside in her own inimitable way. There is no doubt but that everyone will love her. Long may she continue. Author: Mary Arrigan.
📙 Mamó ag an Zú (Granny at the Zoo) read by Donach. 🧔 Granny is visiting the Zoo today. . But it’s not enough for her just to look at the wild animals. She wants to have fun as well. She has no fear of the animals. In she goes bravely! Author: Mary Arrigan
📙 Cillian ag Comhaireamh á léamh ag Donach 🧔 Le Siobhain Grogan. Olivia Golden a mhaisigh. Tá breithlá ag Cillian agus ceapann sé go ndearna gach duine dearmad glan air. Caitheann sé an lá ag cabhrú lena uncail ar an traein. Téigh le Cillian ó charráiste go carráiste agus é ag comhaireamh na ndaoine agus na dticéad. Foilsithe ag Cois Life.
📙 Caoimhe agus an Bogha Báistí á léamh ag Donach🧔 Le Siobhain Grogan. Maisitheoir: Róisin Curé. Ní maith le Caoimhe torthaí. Ach is breá léi dathanna an bhogha báistí. Déanann Mamaí margadh cliste léi a mbíonn toradh an-sláintiúil air! Leabhar gleoite a mheallfaidh idir óg is aosta.
📙 Taibhsí sa Teach á léamh ag Donach 🧔 Le Kazuno Kohara. Seanteach mór ar imeall an bhaile… agus é beagán aisteach. Ach ní chuirfeadh taibhse isteach mórán ar an gcailín cliste seo! Foilsitheoir: An Gúm
📙 Ó Chrann go Crann á léamh ag Donach 🧔 Údar: Caitríona Hastings Léaráidí: Andrew Whitson. Bhí an-bhrón ar Nia. Bhí jab nua faighte ag Deaid. Bhí an chlann ag fágail a mbaile faoin tuath. Bhí dream amháin speisialta a raibh ar Nia slán a fhágáil acu – na préacháin a chónaigh sa chrann cnó capaill ag bun an ghairdín. “Slán agaibh, a chairde” a dúirt sí. “Ní fheicfidh mé arís sibh.” Ach, an bhfeicfidh sí go deo arís iad? Tá an DVD a théann leis lán de spraoi. Foilsitheoir: An tSnáthaid Mhór
Crogaillín á léamh ag Donach 🧔 Le Liam Prút. Crogall óg is ea Crogaillín, agus tá ocras air. Ach is gá dó a chuid fiacla móra bána a ní ar dtús, agus tá faoina mháthair a chinntiú go ndéanfaidh sé é, gach aon cheann acu! Scéal álainn greannmhar ó pheann Liam Prút, é maisithe go gleoite ag Róisín Curé. Foilsitheoir: An Gúm.
📙 An Daid is cliste ar fad á léamh ag Donach 🧔 Le Ross Collins. Tá cleas le dealramh ag gach Daid eile mórthimpeall na háite. Ach níl a fhios ag Snap ó thalamh an domhain cad a dhéanann a athair féin I rith an lae. Tá Snap buartha….. Lá amháin, téann Snap agus a chara, Ruball, ar thóir freagra. Faoi dheireadh, faigheann Snap freagra an-sásúil – freagra, go deimhin, a chuireann gliondar ar a chroí! Foilsitheoir: An Gúm.
📙 Frog Beag agus na Torbáin sin! á léamh ag Donach 🧔 Le Tatyana Feeney. Nuair a chuirtear a dheartháireacha agus a dheifiúracha in aithne do Fhrog Beag, níl sé pioc sásta. Cén mhaith iad torbáin, tar éis an tsaoil! Ach nuair a iompaíonn na torbáin sin ina bhfroganna, léimeann a chroí le háthas! Leagan Gaeilge de ‘Little Frog’s Tadpole Trouble’. Fidelma Ní Ghallchobhair a rinne an leagan Gaeilge. Foilsitheoir: An Gúm.
Age group 6 to 9
📙 Ár nAinmithe á léamh ag Donach🧔 Is iomaí leas a bhaineann daoine as ainmhithe. Bíonn siad mar pheataí acu nó mar ábhar bia agus éadaigh agus úsáidtear iad chun nithe a iompar chomh maith. Tá pictiúir sa leabhar seo de chineálacha éagsúla ainmhithe ó áiteanna ar an domhain. Pictiúir den scoth iad de leanaí in éineacht lena gcuid ainmhithe i Maracó, i nGuatamala, sa Táidsíceastáin agus scata tíortha eile. Músclóidh idir phictiúir agus téasc spéis sa chultúr lena mbaineann siad i leanaí óga. Foilsithe ag AN Gúm D’aistrigh go Gaeilge: Seosamh Ó Murchú
📙 Páidí Péintéir á léamh ag Donach🧔 Tá portráid iontach á phéinteáil ag Páidí Péintéir. Ach cé atá sa phortráid? Duine an-ait ar fad. Scríofa ag Dairine Ní Dhonnchú agus maisithe ag Bronagh O’Hanlon. Foilsithe ag Cló Uí Bhriain.
📙 Eachtra Mhór Lúidín á léamh ag Donach🧔 Luichín is ea Lúidín agus tá fonn eachtraíochta air. Amach leis in éineacht lena dheirfiúr Lúsaí isteach i ngort an arbhair. Is ansin a fheiceann sé iontais mhóra an tsaoil. Sceal aoibhinn agus é maisithe ar bhealach an-neamhghnách ag John Lawrence. Údar: Martin Waddell. Seosamh Ó Murchú a rinne an leagan Gaeilge. Foilsitheoir: An Gúm.
📙 Cogarnach ar an bhFeirm á léamh ag Donach🧔 Tá ainmhithe na feirme ar fad trína chéile. Cén fáth an chogarnach go léir? Caithfidh go bhfuil rún iontach diamhair i gceist! Ach an bhfuil fírinne an scéil ag aon ainmhí díobh? Ní maith iad na ráflaí! Scríofa ag Karen Tazi. Maisithe ag Seosamh Ó Murchú. Foilsithe ag An Gúm.
📙 An Phéist Mhór á léamh ag Donach🧔 Téann ollphéist ocrach sa tóir ar thriúr iascairí a bhfuil gabhar, stól agus seanbhean ina mbáidin leo, scríofa ag Gabriel Rosenstock agus maisithe ag Piet Sluis. Foilsitheoir: An Gúm
📙 Foghlaí Mara Aisteach! á léamh ag Donach🧔 Foghlaí mara maith é Cleite. Tá sé ina chónaí lena mhuintir ar fad ar an long foghlaí mara, an Bolg Lán. Nuair nach mbíonn sé ag obair ar an long, caitheann sé an lá ag cuardach órchistí, nó ag spraoi lena chairde Crúca Beag agus Péarla. Údar: Paul Thiès. Maisitheoir: Louis Alloing. Foilsitheoir: Leabhar Breac.
📙 Rún na Seacht gCloigne á léamh ag Donach🧔 Tá athair is máthair Chleite de shíor ag troid. Ar chomhairle a chara, Crúca Beag, téann Cleite ag cuardach órchiste atá i bhfolach ar Oileán na Seacht gCloigne. ‘Má thagann sibh ar órchiste, is cinnte go ndéanfaidh bhur dtuismitheoirí cóisir mhór. Casfaidh bhur máthair an chláirseach agus casfaidh bhur n-athair an troimpéad agus ina dhiaidh sin gabhfaidh siad ag damhsa ar an deic. Beidh siad mór le chéile arís ansin.’ ‘An gceapann tú?’ a d’fhiafraigh Cleite de. Údar:Paul Thiès. Maisitheoir:Louise Alloing. Foilsithe ag Leabhar Breac
📙 An Sealgaire agus an Crann Éabainn á léamh ag Donach🧔Ó iarthar na hAfraice a tháinig an scéal seo faoin sealgaire ar éirigh leis, tri sheift chliste, saighead a chur in adhmad crua an chrann éabainn agus cead a fháil cailín álainn a phósadh. Cuireann na léaráidí go mór le hatmaisféar and scéil. Údar: Nelda LaTiff. Foilsithe ag An Gúm.
📙 Múinteoir Molly agus a Rang Ceoil á léamh ag Donach🧔 Tá an príomhoide ar bís. Tá an cigire scoile ag teacht le héisteacht le rang ceoil. Agus caithfidh Múinteoir Molly an ceacht a ullmhú! Údar: Heather Henning. Maisitheoir: Paula Martyr. Foilsitheoir: Cló Mhaigh Eo.
📙 Múinteoir Molly agus an Lá Spóirt á léamh ag Donach🧔Is fada na páistí ag súil leis an Lá Spóirt.Anois tá an lá mór tagtha agus tá gach duine gléasta suas go galánta. Ach le Múinteoir Molly i gceannas is cinnte go dtarlóidh roinnt spóirt nach bhfuil ar an gclár! Údar: Heather Henning. Maisitheoir: Paula Martyr. Foilsitheoir: Cló Mhaigh Eo.
📙 Turas go Maigh Eo á léamh ag Donach 🧔. Véarsaíocht scaoilte mar gheall ar thuras níos scaoilte fós! Bainfidh idir óg agus aosta spraoi agus spórt as na heachtraí a bhaineann leis na carachtair sa scéal seo – Tarbh, Bó, Lao agus Gabhar – agus iad ar cuairt ag Mamó agus Daideo i Maigh Eo. Údar: Maolíosa Ní Chléirig.h Maisitheoir: Róisín Curé
📙 Eoin Eolaí- Tá mo chuid ceall ag fás á léamh ag Donach🧔 Cén chaoi a bhfásann an cholainn? Tá a fhios ag Eoin agus le beagán cabhrach óna mham insíonn sé an scéal go léir faoin gcaoi a scoilteann agus a iolraíonn na cealla. Scéal suimiúil é, scéal na gceall. Léigh leat agus beidh tú féin chomh heolach le hEoin. Údar: Jacqui Maynard. Maisitheoir: Katharine McEwen. Máirín Uí Mhaicín a rinne an leagan Gaeilge
📙 Eoin Eolaí: Bealach an Bhia á léamh ag Donach 🧔 Sraith nua eolaíochta a bheidh an-oiriúnach chun an Eolaíocht a chur i láthair do pháistí ar bhealach spreagúil mealltach. Sa leabhar seo is féidir le páistí foghlaim i dteannta Eoin faoin chaoi a n-oibríonn an díleá. Údar: Jacqui Maynard. Maisitheoir: Katharine McEwen. Máirín Uí Mhaicín a rinne an leagan Gaeilge
📙 Rothair á léamh ag Donach 🧔 Cén duine againn nach cuimhin leis a chéad rothar? Sa leabhar gleoite seo, téann An Gúm agus Oxfam timpeall na cruinne chun féachaint ar pháistí éagsúla agus an spraoi a bhaineann siad as a gcuid rothar. Spléachadh bríomhar ar chultúir éagsúla. Údar: Kate Petty. Seosamh Ó Murchú a d’aistrigh go gaeilge
📙 Óró na Circíní– agus scéalta eile ón Afraic á léamh ag Donach 🧔 Athinsint ar scéalta béaloidis ón Afraic curtha in oiriúint do léitheoirí na Gaeilge ag Gabriel Rosenstock. Tugann an cnuasach seo de 14 scéal ó thíortha éagsúla sa mhórchríoch sin léargas duinn ar thraidisiún saibhir na hAfraice. Bainfidh idir óg agus aosta taitneamh as an leabhar spéisiúil seo. Údar: Gabriel Rosenstock. Brian Fitzgerald a mhaisigh. An Gúm a d’fhoilsigh.
📙 An Eala Órga agus scéalta eile ón India dhá léamh ag Donach🧔 An Eala Órga, tugann Gabriel Rosenstock, mar aon lena chomhealaíontóir, Brian Fitzgerald, ar thuras geal i bhfad is i gcéin muid. Seo againn Gúrú na Gaeilge agus é i mbarr a réime. Údar:Gabriel Rosenstock. Maisitheoir:Brian Fitzgerald
📙 An Pota Folamh á léamh ag Donach 🧔 Seanscéal simplí é seo a bhaineann le traidisiún béil na Síne. Is buachaill óg macánta é Cheng. Níl gach duine eile chomh macánta céanna leisean, áfach, ach sin an rud a aithníonn Impire na Síne é féin. Tá an scéal curtha in oiriúint do léitheoirí na linne seo ag Charlotte Guillain agus é maisithe go gleoite ag Steve Dorado. An Gúm a d’fhoilsigh.
📙 Cuairt ar an bhFeirm á léamh ag Donach 🧔. An ceathrú leabhar sa tsraith Lúsaí. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú! Údar: Máire Ní Ghallchobhair
📙 Luch sa Rang á léamh ag Donach 🧔 Le Máire Ní Ghallchobhair. An séú leabhar maisithe ag Peter Donnelly sa tsraith Lúsaí le Maire Ní Ghallchobhair (don aoisghrúpa 6-7). Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú! Tugann Bean de Róiste luch ar scoil inniu. ‘Beidh spraoi againn anois,’ arsa Lúsaí lena cara Caoimhe. Ach ní hí Lúsaí amháin atá in ann cleas a imirt! Foilsitheoir: Leabhar Breac.
📙 Ciúnas sa Leabharlann á léamh ag Donach 🧔 Le Máire Ní Ghallchobhair Téann rang Lúsaí go dtí an leabharlann inniu. ‘Tógaigí leabhar an duine,’ arsa an mháistreás, ‘agus bígí ciúin.’ Ach an mbeidh gach duine sa leabharlann ciúin? Foilsitheoir: Leabhar Breac
An Garbhán á léamh ag Donach. Leabhar le Julia Donaldson. Chuaigh luch ar strae isteach sa choill is bhuail le sionnach gan aon rómhoill. ‘Ar strae atá tú? Ó mo bhrón! Tar liom abhaile is íosfaimid lón.’ Tugtar cuireadh duit dul ag spaisteoireacht sa choill. Ní bheadh a fhios agat cé na neacha aisteach a chasfaí ann ort, an Garbhán cuir i gcás. Foilsitheoir: An Gúm
📙 Chuamar go Léir ar Safáraí á léamh ag Donach 🧔 Gabriel Rosenstock a rinne an leagan Gaeilge. Údar: Laurie Krebs agus Julia Cairins a mhaisigh. Scéal simplí soléite atá sa leabhar seo, é scríofa i véarsaíocht shimplí bheoga. Múintear conas comhaireamh sa tSvaihílis freisin i ndeireadh an leabhar tá eolas spéisiúil le léamh faoin Tansáin, faoin bpobal dúchasach, na Másaígh, agus faoi na hainmhithe atá ar fáil sa tír sin.
📙 An Vaimpír á léamh ag Donach 🧔 Le Enric Lluch/Fernando Falcone. Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith ‘Arrachtaí’ dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar! Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl saol éasca ag an vaimpír! Foilsitheoir: Leabhar Breac Breacan Teo.
An Chailleach á léamh ag Donach. Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith ‘Arrachtaí’ dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar! Tá ocras ar an gCailleach Liath. Tá sí bréan de choiníní draíochta agus úlla nimhe. Níl aon rud eile le hithe sa teach! Ach cad a tharlaíonn di nuair a théann sí go teach atá déanta as seacláid. Foilsitheoir: Leabhar Breac.
An Mumaí le Enrin Lluch á léamh ag Donach. Seo pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith ‘Arrachtaí’ dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den tai- bhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir – agus léifear í le fonn agus le scleon- dar! Tá an teas casta as sa mhúsaem agus tá faitíos ar an mumaí agus a chairde go mbeidh siad fuar. Le cabhair an leoin, socraíonn an mumaí dul ar ais go dtí an Éigipt. Ach is fada an bealach é! Foilsitheoir: Leabhar Breac
Fear an mhála á léamh ag Donach 🧔. Scéal scanrúil eile ó Leabhar Breac sa tsraith ‘Cófra Lán Arrachtaí’. Léaráidí scanrúla a mhaisíonn an leabhar agus iad snasta. Tá sé feiliúnach do pháistí atá tosaithe ag léamh astu féin. Tá an téacs mór agus éasca le léamh agus insíonn na pictiúirí an scéal freisin. Ná bíodh imní ort, níl sé ró-scanrúil ar fad! Údar: Enric Lluch. Foilsitheoir: Leabhar Breac.
📙 Am Spraoi á léamh ag Donach 🧔 Údar: Kate Petty. Is aoibhinn le páistí a bheith ag spraoi lena rogha bréagán, nó ag imirt a rogha cluiche. Tá grianghraif spleodracha ó cheithre chearn na cruinne anseo de pháistí ag spraoi ina n-aonar nó lena gcairde. Caith tamall spraoi le páistí ó Vítneam, ón Rúis nó ón mBrasaíl. Foilsitheoir: An Gúm
📙 Vera agus a Veidhlín á léamh ag Donach 🧔 Le Máire Breatnach Ceannaíonn máthair Vera a céad veidhlín di agus tá sí faoi dhraíocht aige láithreach. Is mian léi tosú á sheinm ar an bpointe boise! De réir a chéile, áfach, tuigeann sí gur go foighneach faoi threoir a mamaí agus a múinteora a bhainfidh sí ceol as an uirlis iontach seo. Scéal gleoite agus treoirleabhar do thosaitheoirí ar an veidhlín le duine de na veidhleadóirí is cáiliúla sa tír. Duine de mhórealaíontóirí na tíre a mhaisigh an leabhar. Gabhann draíocht nach beag leis an gcomhfhiontar ealaíonta seo. Foilsitheoir :An Gúm
📙 Cogadh na bhFrídíní á léamh ag Donach 🧔 Le Kate Rowan. Cén chaoi a dtéann an cholainn i ngleic le frídíní? Tá a fhios ag Eoin cén chaoi agus le beagán cabhrach óna Mham insíonn sé an scéal go léir ó thús go deireadh. Foilsitheoir: An Gúm.
📙 Rita agus an tSíog Mhaith á léamh ag Donach 🧔Údar: Máire Zepf: Léaráidí: Andrew Whitson. Is cailín beag í Rita le smaointe móra. Nuair nach bhfuil fonn uirthi í féin a ghléasadh ar maidin, samhlaíonn sí go bhfuil Sióg Mhaith aici. Ní bheadh le déanamh ag an tsióg ach a slaitín draíochta a chroitheadh agus … sbhúis!
Mamó agus an Phearóid á léamh ag Donach. Leabhar sa tsraith pictiúrleabhar ‘Lúsaí’ le Máire Ní Ghallchobhair. Tá Lúsaí agus a cara Caoimhe ar cuairt ar Mhamó. Thug siad leo a gcuid bróga scátála. ‘Níl cead scátáil sa teach’ arsa Mamó. Ach tá pleananna eile ag Lúsaí.
Rita agus an Dragún le Máire Zepf á léamh ag Donach. Is Cailín beag í Rita le smaointe móra. Nuair a éiríonn sí crosta, samhlaíonn sí go bhfuil dragún fíochmhar feargach aici a chuirfeadh an domhan ar crith. Ach is féidir tine na feirge a cheansú, agus tá a fhios ag Rita cén dóigh lena dhéanamh. Anra foilsíodh ag An tSnathaid Mhór.

Age group 8 to 11
📙 An Odaisé á léamh ag Donach🧔 Pictiúrleabhar gleoite ina déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa. Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigeann dó féin agus dá chairde aghaidh a thabhairt ar an aistear farraige abhaile go dtí an Ghréig. Ach bhí contúirtí móra amach rompu fós. Údar: Hóiméar. Darach Ó Scolai a chuir Gaeilge ar an eagrán giortaithe seo do pháistí. Foilsitheoir: Leabhar Breac.
📙 An Mhaighdean Mhara á léamh ag Donach🧔 Leagan den seanscéal faoin mhuruach a phósann fear tíre ach a mbíonn caitheamh i ndiaidh na farraige uirthi.Údar: Áine Ní Dhíoraí. Foilsitheoir: An Gúm.
📙 An Rógaire agus a Scáil á léamh ag Donach🧔Scéal faoi rógaire a raibh an saol mór scanraithe roimhe agus roimh a mhadra. Ach de réir mar a éiríonn sé níos sine, tosaíonn sé ag smaoineamh ar an gcinniúint agus ar a bhfuil i ndán dó. Gabriel Rosenstock a scríobh. Piet Suis a mhaisigh.
An Gúm a d’fhoilsigh.
📙 Na Cailleacha Gránna á léamh ag Donach 🧔 Nuair a dhéanann na tincéirí a gcampa ar bhruach na habhann, tagann sé chun solais go bhfuil páistí beaga á sciobadh óna leapacha ag triúr cailleacha gránna agus á gcoinneáil áit éigin i lár na coille. Ach cé go bhfuil buidéal draíochta ag na tincéirí, an leor é chun stop a chur leis na cailleacha? Leagan álainn nua-scríofa. Údar: Colmán Ó Raghallaigh
📙 Crúibín á léamh ag Donach 🧔. Crúibín an searrach óg agus sceitimíní ar ag spraoi sa sneachta. Údar: Liam Prút Maisitheoir: Bernie Prendergast
📙 Crúibín agus an tAsal á léamh ag Donach 🧔. Tá sceitimíní áthais ar Chrúibín nuair a chloiseann sé go bhfuil searrach nua sa pháirc is cóngaraí don Mhóin Mhór. Beidh cara nua aige anois! Ach níl fonn spraoi ar an searrach nua, Seascín, agus ní thuigeann Crúibín cén fáth… Údar: Liam Prút Maisitheoir: Bernie Prendergast.
📙 Cití sa Gheimhreadh á léamh ag Donach 🧔. Leabhar gairid léaráidithe do pháistí ó 8 mbliana go 11 bhliain. Leagan Gaeilge is ea é de Winnie in Winter. Dar le Cití gurbh ghearr léi an sanhradh ach ní mar a shiltear. Is cuid de shraith leabhar é seo. Údar: Valerie Thomas, Aistrigh go Gaeilge: Liam Mac Cóil Maisitheoir: Korky Paul
Cití Cailleach á léamh ag Donach le Korky Paul agus Valerie Thomas. Liam Mac Cóil a d’aistrigh go Gaeilge. Bhí cónaí ar Chití Cailleach i dteach dubh. Bhí mórán chuile sort dubh sa teach sin, na cairpéid, na cathaoireachta, na pictiúir ar na ballaí, an leaba agus na braillíní féin. Bhí an folcadán dubh, go fiú. Ar ndóigh bhí an cat dubh freisin, rud a d’fhág fadhb ag an gCailleach. Ní bhíodh sí in ann é a fheiceáil nuair a bhíodh a shúile dúnta! Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnacht
📙 Lá Breithe Chití á léamh ag Donach 🧔 Le Korky Paul & Valerie Thomas Is iomaí eachtra a bhí ag Cití agus a cat dubh Smúróg go dtí seo agus níl deireadh leis an spraoi go fóill. Tá cóisir mhór ag Cití ar a lá breithe agus tá spraoi agus spórt aici féin agus a cairde. Ach séideann sí trumpa agus go tobann níl duine ar bith le feiceáil! Conas a éireoidh le Cití a cairde a fháil ar ais go dtí an chóisir? Le cleas draíochta, ar ndóigh! Foilsitheoir: An Gúm
Storytime with Dónall – Scéalaíocht le Dónall
Stories read in the Gaoth Dobhair, Co Donegal dialect
Age group 4 to 7
📚 Na Péisteanna á léamh ag Dónall👦 Is maith le Peadar péisteanna, ach cuireann sé iad in áiteanna aisteacha! Grúpa Luathléitheoireacht an Áisionaid a scríobh. Bunleagan an scéal le Jill Eggleton. Caroline Campbell a mhaisigh.
📚 Amach Leat Seachain an Cat á léamh ag Dónall👦. Údair: Síle Bird & Trish Phillips Foilsitheoir: An tÁisionad. Scéal álainn faoi Crúb an cat agus a úinéar Pól. Bhí ar Crúb dul chuig an tréidlia, ach níor theastaigh uaidh!
📚 Ruairí agus Úna agus an Baibín Beag á léamh ag Dónall👦Le Treasa Ní Ailpín agus Maria Murray a mhaisigh. Foilsitheoir: An Gúm. Scéal álainn faoi leanbh nua ag teacht ar an saol.
Age group 6 to 9
📚 POP! á léamh ag Dónall👦 Is cailín lán brionglóidí gan eagla í Rua, atá fiosrach faoi gach uile rud. Is breá léi triail a bhaint as rudaí neamhghnácha. Lá gan dearmad é an lá sin a dhéanann Rua an Blastaghuma a chogaint. Cad é a tharla an lá sin? Lean eachtra mháine mhire Rua agus a cairde, Armó agus Bící, sa scéal spleodrach seo. Údar: Caitríona Nic Sheáin. Maisithe ag Andrew Whitson. Foilsithe ag An tSnathaid Mhór.
📚 Mór agus Muilc á léamh ag Dónall👦 Le John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla. Maisitheoir: Kim Sharkey. Leabhar pictiúr do pháistí, maisithe go gleoite ag Kim Sharkey. Scéal béaloidis ó Thír Chonaill atá chomh sean leis an cheo, ach atá chomh fíor inniu agus bhí an chéad lá a dúradh é.
Storytime with Cabríní – Scéalaíocht le Cabríní
Age group 6 to 9
📚An Piasún ar Ghéag á léamh ag Cabríní 📖. Eagráin úra de véarsaí buile Rosenstock, maisithe le samhlaíocht agus greann ag Paybo. Baineadh daoine fásta an méad céanna sult as an leabhair álainn seo is a bhaineadh páiste. Foilsitheoir: An Gúm
📚 Mo Bhaile Beag Féin á léamh ag Cabríní 📖 Le Jonathan Emmett. Níl Caochaí sásta lena Bhaile beag faoin talamh. ‘Tá sé róbheag dom,’ a deir sé, ‘agus ródhorcha freisin.’ As go brách leis chun baile nua a aimsiú dó féin! ‘Teach BREÁ MÓR AERACH GEAL atá uaim!’ a deir sé. Ach is deacair teacht ar an áit cheart na laethanta seo! Foilsitheoir: An Gúm
Storytime with Anna – Scéalaíocht le hAnna
Age group 10+
✍️ Seo dhá dhán as an leabhar álainn Ní Thuigimse Daoine Fásta á leámh dúinn ag Anna 👩🦰 ‘Nuair a bheas mise mÓr‘ agus ‘Luchógaí Beaga‘. Dánta a chum Nellie Nic Giolla Bhríde atá sa leabhar agus tá dlúthcheirnín le ceol agus fuaimrian cumtha ag Doimnic Mac Giolla Bhríde in éindí leis an leabhar. Tá na hamhráin ceolta ag páistí ó Ghaeltacht Dhún na nGall. Is é an tealaíontóir Dara McGee a rinne an ealaíon don leabhar agus is í Sinéad Ní Chadhain a rinne an leagan amach agus clóghrafaíocht. Foilsitheoir: Eabhlóid