Suíomhanna Foghlamtha do Thuismitheoirí agus Páistí
Tá tuismitheoirí fud fad na tíre ar chumais difriúla ag foghlaim na Gaeilge taobh ar thaobh lena bpáistí. Bíonn riachtanais difiriúla fhoghlama ó theaghlach go teaghlach. Is foinsí úsáideacha tacaíochta iad na suíomhanna seo a leanas:
Saotharlann.com Tá neart póstaeir an-dheas agus neart níos mó a bheadh oiriúnach do thuismitheoirí nó páistí ar foghlaimeoirí iad ar fáil ar an suíomh seo.
Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin Agus Measúnachta Tá réimse acmhainní curtha ar fáil ag Comhairle Curaclaim i dTuaisceart Éireann, eolas faoi churaclam na ngaelscoileanna ó thuaidh agus cluichí do thuismitheoirí agus a bpáistí. Tá an suíomh á fhorbairt faoi láthair agus beidh gach eolas ar fáil ar https://ccea.org.uk/gaeloideachas go luath.
Snas ar Scéal Is áis tacaíochta é Snas ar Scéal a chuidíonn le páistí a scileanna smaointeoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt.
potafocal.com Is foclóir neamhspleách Gaeilge ar líne é Pota Focal le heolas maidir le leaganacha gramadúla agus samplaí d’fhocail in úsáid.
www.teanglann.ie Is foclóir eile ar líne An Teanglann le rochtain shaor agus réidh ar shonraí foclóireachta, gramadaí agus foghraíochta a bhaineann le focail sa Ghaeilge.
www.leighleat.com Is é aidhm atá leis an suíomh seo ná achmainní digiteacha a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile chun tacú leo le múineadh na Gaeilge. Mar aon leis seo, is áis é a thugann tacaíocht do pháistí agus a dtuismitheoirí agus iad ag cleachtadh na Gaeilge sa bhaile trí éisteacht le scéalta, dánta agus ceachtanna taitneamhacha.
Gaelchultúr Múintear frása nua Gaeilge anseo gach lá. Chun frása an lae inniu a fheiceáil agus a chloisteáil, cliceáil ar an gcnaipe seinnte atá i lár an fhíseáin thíos.
www.daltai.com Súomh atá lonnaithe i Nua-Eabhrac do na Gaeil thar lear.
Séideán Sí Tá raon áiseanna agus gníomhaíochtaí digiteacha ar fáil ar an suíomh seo atá bunaithe ar a bhfuil ar fáil cheana sa chlár clóite agus ar forbairt iad ar ghnéithe ar leith den chlár sin. Tagann an cúrsa leis an gcur chuige atá leagtha síos i gCuraclam na Bunscoile.
Scoilnet.ie Tá bunachar sonraí ar Scoilnet.ie ina bhfuil de bhreis ar 15,000 acmhainn ar líne, lena n-áirítear suíomhanna Idirlín, quizeanna, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/fuaim, cluichí agus ilmheáin eile.
Déan Comhrá – Cúpla Focal for Parents and Guardians. Leabhrán do Fhoghlaimeoirí . Cuireann Gaeloideachas an leabhrán seo ar fáil agus é an-oiriúnach do thuismitheoirí ar foghlaimeoirí Gaeilge iad.
Gaschaint. Frásaí Gaeilge do thuismitheoirí ó cheann ceann an lae. Tá an suíomh idirlín seo bunaithe ar an leabhair leis an t-ainm céanna. Tá leaganacha ó na trí mhórchunúint sa suíomh agus dathchódú déanta orthu.