Éiríonn trioblóidí an tsaoil rómhór dúinn in amanna.
Agus cuireann sin isteach ar na daoine thart timpeall orainn.
Agus is minic gur féidir le páistí atá tinn nó tuirseach an scéal a dhéanamh níos measa.
Má tá an tuismitheoir faoi strus, mothaíonn páistí an strus sin.
Ní féidir le tuismitheoirí an t-aire is fearr a thabhairt do na páistí muna dtugann siad aire dóibh féin.
Moltar:
- Am a bheith agat duit féin;
- Suim a choinneáil i rudaí taobh amuigh den bhaile;
- Tacaíocht a lorg ó ghaolta agus cairde;
- Sosanna a ghlacadh nuair is féidir; agus
- Aire a thabhairt do do chuid sláinte féin.
Faigh comhairle agus tacaíocht. Ní éiríonn le duine ar bith rudaí a fháil i gceart i gcónaí. Cuidíonn comhrá le cairde le strus a bhainistiú.
Déan cinnte de go mbíonn comhluadar agat le tuismitheoirí agus páistí eile.
Bíonn comhluadar dá gcomhaoisigh de dhíth ar pháistí chomh maith, ar ndóigh.
Má éiríonn rudaí rodheacair, fan socair.
Má tá buairimh an tsaoil ag iarraidh rómhór duit cuir an páiste áit éigin slán le deis a thabhairt duit féin anáil a tharraingt agus do chuid smaointe a bhailiú le chéile.
Smaoinigh siar ar a tharla agus cad gur féidir a dhéanamh le nach dtarlóidh sé arís.
Nuair atá tú socraithe suigh síos, is féidir comhrá leis an pháiste faoi cad tá ar siúl agus cad é atá tú chun déanamh faoi.
Bíodh an comhrá sin déanta i mbealach atá ag teacht le tuiscint agus leibhéal forbartha an pháiste
Pé rud a tharlaíonn, déan cinnte go bhfuil a fhios ag an pháiste go bhfuil grá agat dó nó di, fiú nuair a bhíonn rudaí dúshlánach agus deacair.
Más é iompar nó éilimh an pháiste a bhí mar údar ag na fadhabanna, tá sé tábhacht go leanfar le struchtúir saol an pháiste.
Chomh tábhacht agus atá struchtúr, in amanna is gá bheith solúbtha.
Nuair a bhímid solúbtha, foghlaimíonn an páiste bheith solúbtha.