Táimid trachta ach níl na páistí, tá sé in am do ghnáthamh am luí!

Fiú nuair a bhíonn páistí traochta, bíonn fuinneamh acu le bheith ag caoineadh agus ag crá.

Tá grá ag na tuismitheoirí orthu ach tá sos de dhíth. Is gá go rachaidh na páistí a luí chun go mbeidh seans ag tuismitheoirí gloine fíona a fháil. Níl de dhíth ach ceann amháin!

Agus gach seans más é go bhfuair páiste treallamh ríomhaireachta don Nollaig go bhfuil an treallamh sin mar chuid den fhadhb seo iar-Nollag atá againn.

Tá leigheas ann agus tá cumhacht ag tuismitheoirí sa leigheas sin.

Tá saineolaithe ag tabhairt le fios dúinn go mbíonn tionchar ar a gcodladh ag an teicneolaíocht ar patrún codlata.

Deirtear go bhfaigheann 40% de pháistí idir sé agus aon bhliana dhéag fiche nóiméad níos lú codladh má bhaineann siad úsáid as guthán póca, ríomhairí glúine nó táibléid roimh dul a luí. Sin 121 uair a chloig níos lú codlata in aghaidh na bliana.

Léiríonn taighde a rinne an síceolaí, an Dochtúir Anna Weighall ó Ollscoil Sheffield go raibh uair a chloig níos mó codladh ag páistí a chodail i seomraí saor ó ghléasanna teicneolaíochta.

Is rud maith í an teicneolaíocht. Bíonn sí ar leas ár bpáistí go mbíonn siad inniúil ar ríomhairí ach is fiú go mór rialacha agus treoracha a bheith ann maidir lena n-úsáid.

Is ar a leas go mbíonn siad compordach le ríomhairí ach tá gach seans ann go gcruthóidh an ríomhaireacht san oíche fadhbanna sláinte ar ball.

Nuair a thiteann dorchadas an oíche cruthaíonn ár gcoirp an hormóin chodlata ach cuireann an solas ó ghléasanna teicneolaíochta isteach ar an phróiseas nadúrtha sin.

Moltar gnáthamh a chur i bhfeidhm agus treallamh teicneolaíochta a mhúchadh uair a chloig roimh dul a luí.

Cuideoidh sé seo le hoíche mhaith chodlata a thabhairt do na páistí; beidh siad ábalta díriú níos fear ar rudaí eile agus foghlaim i rith an lae agus beidh a gcuid sláinte níos fearr mar gheall air.