Sa chéad alt seo de shraith ar thromaíocht, pléitear na comharthaí sóirt den fhadhb shíoraí seo.

Tarlaíonn titim amach idir páistí agus is rud nadúrtha é sin atá ina chuid den fhás aníos.

Fiú más eachtra aon uaire é an titim amach, is féidir leis bheith strusmhar do dhaoine óga agus iad ag iarraidh ciall a dhéanamh den domhain timpeall orthu. Is féidir le tromaíocht éascairt as chomh maith.

Ní amháin sin, is féidir le tromaíocht tarlú ar bhonn eagraithe nach mbaineann le titim amach aon uaire. Ní gá cúis a bheith ann.

Is féidir le tromaíocht tarlú áit ar bith do pháiste ar bith. Aon áit a mbíonn páistí bíonn tromaíocht, agus is gá do thuismitheoirí bheith airdeallach air sin agus a bheith réidh plé leis má tharlaíonn sé dá bpáistí féin.

Tá cineálacha difriúla de thromaíocht ann; ní gá di bheith fisiciúil nó foiréigneach. Tarlaíonn sé le focail mhaslaithe is bagairtí béil nó eisiamh sóisialta.

Bhíodh an baile ina áit saor ó thromaíocht roimh theacht na meán sóisialta. Ach, ar an drochuair, ní sin mar atá an scéal anois.

Mar gheall ar theicneolaíocht an lae inniu, ní bhíonn éalú ag an íospairteach óna bhfuil ar siúl ar scoil, sa chlub óige, ag an chumann spóirt nó cibé áit a bhfuil an tromaíocht ag tarlú.

Má tá páiste ag fulaingt de bharr tromaíochta, is mór an seans go n-athróidh a iompar ar cuid de na bealaí thíosluaite.

  • Bíonn an páiste thuas seal thíos seal, brónach, cantalach nó ionsaitheach fiú.
  • Bíonn an páiste imníoch agus ag diúltú a rá cad tá cearr.
  • Bíonn deacrachtaí ag an pháiste ag dul a chodladh nó ag fulaingt le tromluithe.
  • Bíonn athruithe i nósanna itheacháin (ag ithe go neamh shrianta nó gan aon ghoile).
  • Bíonn tinneas cinn nó pianta sa bholg gan míniú.
  • Tosaíonn roinnt páistí ag siúl agus iad ina gcodladh nó ag fliuchadh an leaba.
  • Tagann páistí abhaile ón scoil le baill ghorma ar an chorp, le craiceann scríobtha nó le dóchar déanta do rudaí cosúil le málaí scoile, leabhair nó éadaí.
  • Bíonn páistí ag diúltú am a chaitheamh le cairde ranga nó ag rá nár mhaith leo dul ar scoil, ag iarraidh dul ar scoil níos moille nó ag iarraidh go rachaidh an tuismitheoir a fhad le doras na scoile leo seachas siúl isteach leo féin.
  • Go minic bíonn titim i gcaighdean na hoibre hacadúla nó san iarracht agus sa spéis a chuirtear isteach ann.
  • Bíonn páistí in ísle brí tar éis dóibh úsáid a bhaint as an idirlín nó as an ghuthán.