Má tú buartha go bhfuil tromaíocht á déanamh ar do pháiste, is gá gníomhú le deireadh a chur leis, agus na hiarmhairtí a mhaolú.
Déan comhrá leis an pháiste agus iarr air / uirthi a dheimhniú go bhfuil tromaíocht ar siúl. Is comhrá íogaireach é seo mar thiocfadh dó nár mhaith leis an pháiste a admháil cad tá ar súil.
Caithfidh cur ina luí orthu gur féidir leo iontaobhas a chur ionat agus go duigeann tú a scéal.
Ná lig don pháiste a fheiceáil go bhfuil fearg nó strus ort féin. Má tharlaíonn sin is mó an strus a bheidh orthu.
Má tá de chrógacht ag an pháiste a rá cad atá ag tarlú, cuir ina luí orthu nach bhfuil an locht orthu féin go bhfuil an tromaíocht ag tarlú.
Muna n-admhaíonn siad go bhfuil tromaíocht ar siúl, is fiú am pléasúrtha a shocrú leo, rud éigin deas a dhéanamh le chéile agus comhrá a thosú leo faoi scoil agus na rudaí a dhéanann siad le linn sos súgartha, cé a mbíonn siad ag súgradh leo, cad a bhíonn ar siúl sa chlós.
Má tá cuma bhuartha orthu, fiosraigh cén fáth. Cuidíonn sé má labhraíonn tú leo faoi do mhothúcháin féin faoi rudaí difriúla.
Má admhaítear go bhfuil tromaíocht ar siúl, is gá an scéal a chíoradh leis an scoil. Faigh amach cad é an clár frith-thromaíochta atá ag an scoil agus an prótacal atá i bhfeidhm.
Ní hí an scoil an t-aon áit a dtarlaíonn tromaíocht ach muna n-éiríonn leat eolas a fháil ón pháiste féin, is féidir labhairt le múinteoir go díscreideach agus iarraidh ar údarás na scoile súil a choinneáil amach.
Má tá an tromaíocht ag tarlú ar líne, shílfeá gur réiteach simplí é an guthán a bhaint ón pháiste ach níl sé chomh simplí sin.
Fiú má dhéanann tú seo le do pháiste a chosaint, ní réitíonn sé an fhadhb. Má dhéantar seo, ní amháin go bhfuil an páiste ag fulaingt tromaíochta ach cailleann siad modh cumarsáide leis na cairde atá acu.
Déan nóta de gach am, áit agus dáta a tharlaíonn tromaíocht agus cé eile a bhí i láthair.
Bíonn scileanna réiteach coimhlinte iontach úsáideach agus cuidíonn siad le réiteach tromaíochta.
Is féidir na scileanna seo a fhorbairt sa bhaile idir tú féin agus na páistí. Is féidir idirbheartaíocht a dhéanamh ar aon easaontas sa bhaile agus na páistí ag fás aníos agus tógfaidh siad an scil sin leo.
Spreag an páiste le cairde nua a chothú, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí grúpa agus clubanna óige.
Ag brath ar cineál na tromaíochta thiocfadh dó go mbeidh tacaíocht ghairmiúil de dhíth.
Beidh an scoil ábalta comhairle a thabhairt ar an ábhar seo agus tú a threorú i dtreo comhairle ghairmiúil.
Cuimhnigh, mas é nach raibh tú ar an eolas go raibh tromaíocht ar siúl, tá gach seans ann nach raibh an scoil ar an eolas ach an oiread.
Cuimhnigh chomh maith, go mbíonn ar an scoil cearta an tromaí a chosaint agus a phlé leis an scéal taobh istigh den pholasaí tromaíochta.
Más é go bhfuil an tromaíocht á dheanamh ag múinteoir, is gá an príomhoide a chur ar an eolas.
Bíonn ar gach scoil moltaí Roinn an Oideachais ‘Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile’ a chur i bhfeidhm.
Is feidir leat cóip den doiciméad seo a lorg.
An réiteach ar thromaíocht
Ag brath ar aibíocht agus aois an pháiste féin is féidir na céimeanna a ghlacfar a phlé leo agus ligint dóibh ionchur a bheith acu sa phróiseas réitithe.
- Ná tabhair geallúint go gcoinneofar an scéal ina rún.
- Mínigh dóibh nach bhfuil an locht orthu.
- Cuidigh leis an leanbh féinmhuinín a fhorbairt.
- Déan comhrá faoi na rudaí gur féidir leo a dhéanamh agus a rá le tromaí. Is féidir le greann bheith ina chuidiú agus is féidir freagraí a chleachtadh agus an páiste ag amharc isteach as scathlán.
- B’fhéidir go mbeidh sibh ábalta freagraí a aontú le chéile.
- Déan cinnte gan troid ar ais agus gan rudaí a rá a ghortóidh páistí eile.
- Déan cleachtadh ar chuma socair a chur orthu féin.
- Fan i ngrúpaí is comhluadar eile le nach mbeidh sé/ sí ina n-aonar agus ina dtargáid éascaí do thromaithe. Spreag an páiste le labhairt, scríobh nó pictiúr a tharraingt faoina mhothúcháin. Iarr orthu na mothúcháin a ainmniú.
- Labhair leo faoi thromaíocht agus déan cinnte de go dtuigeann siad féin an tábhacht le meas a léiriú do dhaoine eile.
- Cuir an fhreagracht ar an tromaí as iompar an tromaí. Cuir ina luí orthu nach bhfuil tromaíocht ceart ná cothrom agus nar chóir do tarlú ar cúis ar bith.
Tá an t-alt bunaithe ar comhairle atá foislithe ag Tusla.