Dearcadh na Saineolaithe:
Is buntáiste breise é do aon pháiste an deis a bheith acu dhá nó trí theanga a bheith ar a gcumas acu. Tugann an Ghaeilge nasc breise do pháistí le cultúr agus stair na hÉireann. Tugann sí geata isteach i bpobal na Gaeilge agus deis saol trí Ghaeilge a bheith acu agus iad ag fás aníos.
Tá neart taighde ann a chuireann in iúl go mbíonn buntáistí éagsúla ag baint le níos mó ná teanga amháin a bheith agat. Bíonn scileanna cumarsáide níos fearr ag páistí a chloiseann níos mó ná teanga amháin go rialta. Bíonn cumas matamaitice níos fearr ag daoine de réir mar a bhíonn leibhéal níos mó dátheangachais acu. Bíonn tuiscint níos fearr acu ar chultúrtha dhaoine eile
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Beidh siad ábalta rudaí mar seo a léamh!
2. Go mbeidh an Ghaeilge agus aon teanga eile níos éasca dóibh!
3. Bíonn sé i bhfad níos fusa ag an bpáiste teangacha eile a fhoghlaim
4. An-éasca cairde nua a dhéanamh, go háirithe leis an Ghaeilge, mar táimid in ann labhairt faoin teanga.
Tagairt:
Ó Broin, B. 2012. Thógamar le Gaeilge iad: taighde agus plé ó thuismitheoirí, gníomhaithe agus scoláirí ar thógáil clainne le Gaeilge. , BÁC: Coiscéim.
Viorica Marian, Ph.D. Anthony Shook. 2012. The Cognitive Benefits of Being Bilingual: https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC3583091/pdf/cer-12-13.pdf
Zoe Liberman,1 Amanda L. Woodward,1 Boaz Keysar,1 and Katherine D. Kinzler2. 2016. Exposure to multiple languages enhances communication skills in infancy: https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC5031504/pdf/nihms754523.pdf
Dearcadh na Saineolaithe:
Chomh luath agus is féidir, fiú nuair atá siad fós sa bhroinn. Tá taighde ann a thugann le fios go n-aithníonn leanaí teangacha éagsúla, fiú agus iad fós sa bhroin. Dá bhrí san, más féidir leat a bheith ag caint le agus ag canadh i nGaeilge do’d leanbh sula rugtar iad, is tús íontach é.
Freagraí ó Tuismitheoirí:
1. Sa bhroinn
2. Ón nóiméad a thagann sad ar an saol ‘fáilte chuig an domhain mhór a chroí’
3. Ón tús!
4. Chomh luath is a rugtar iad!
Tagairtí:
Christine Moon, Hugo Lagercrantz, Patricia K Kuhl. 2012. Language experienced in utero affects vowel perception after birth: a two-country study: https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC3543479/pdf/nihms423946.pdf
Christine Moon, Robin Panneton Cooper, William P Fifer .1993. Two-day-olds prefer their native language: https://infantstudies-psych.sites.olt.ubc.ca/files/2015/03/Moon-et-al.-1993.pdf
Utako Minai, Kathleen Gustafson, Robert Fiorentino, Allard Jongman, Joan Sereno. 2017. Fetal rhythm-based language discrimination: https://www.ncbi.nlm.nih.gov/pmc/articles/PMC5611858/pdf/nihms866255.pdf
Dearcadh na Saineolaithe:
Ní bheidh aon fhadhb. Beidh an Béarla mórthimpeall oraibh agus le cloisteáil go minic ag an bpáistí agus iad ag fás aníos. De bharr cé chomh láidir agus chomh coitianta is atá an Béarla, bíonn baol níos mó go gcaillfear an mionteanga, teanga an baile.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Ní bheidh, Tógadh mise le Gaeilge agus phioc mé Béarla suas ó na páistí eile ar scoil go nádúrtha. Níor mhothaigh mé riamh go raibh mé ag streachailt leis an mBéarla.
2. Ní bheidh. Béarla gach áit thart orthu.
3. Ní bheidh. Tá an Bhéarla achan áit agus piocfaidh siad suas é gan stró.
4. Seafóid! Ní bheidh ar chor ar bith
5. Ní bheidh! Tá an Béarla i ngach áit!
6. Ní bheidh ar chor ar bith! Tá an Béarla i gcónaí thart orthu agus an saol mar atá
7. Phioc mo phaistí féin é suas gan stró agus léitheoireacht as Béarla chomh maith.
Tagairtí:
Directions in Research: Intergenerational Transmission of Heritage Languages. Editors:
Russ Campbell, University of California, Los Angeles; Donna Christian, Center for Applied Linguistics (liosta fada de thaighde luaite san alt seo): https://international.ucla.edu/media/files/russ_and_donna.pdf
Dearcadh na Saineolaithe:
Tá neart taighde déanta a molann an modh ‘Tuismitheoir amháin, Teanga amháin’ mar an bhealach is fearr chun páistí a thógail le dhá theanga. Is bealach éifeachtach é ach ní leor é leis féin. Is gá go gcloisfeadh an páiste stór focal leathan go rialta chun gur féidir leo cumas sa teanga a fhorbairt. Is gá go mbeadh ionchur cothrom ó thaobh an dá theanga má tá an páiste chun dul chun cinn cothrom a dhéanamh. Bheadh sé tábhachtach go gcloisfeadh an páistí an Ghaeilge ó dhaoine eile, idir dhaoine fásta & páistí más féidir, seachas ón dtuismitheoir amháin. Tá roinnt tuismitheoirí a labhraíonn teangacha éagsúla lena bpáistí agus oibríonn sé sin dóibh mar theaghlach. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh deis cothrom ag an bpáiste an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Cibé rud atá tú compordach le.
2. An méid is mó Gaeilge agus gur féidir. Tá Béarla ar fáil as gach áit eile
3. Meascán muna bhfuil Gaeilge ag do pháirtí. Má tá, labhair Gaeilge leo
Tagairtí:
Dearcadh na Saineolaithe:
Ní cúis é seo gan Ghaeilge a labhairt sa bhaile. Tá sé déanta ag go leor daoine agus bíonn straitéisí difriúla i gceist ná mar a bhíonn ag teaghlaigh a bhfuil teaghlach sínte timpeall orthu le Gaeilge. Beidh neart daoine eile sa bhád céanna leat! Déan iarracht daoine eile le Gaeilge a aimsiú chun do phobal Gaeilge féin a chruthú agus deiseanna a thabhairt don bpáiste labhairt, éisteacht agus am a chaitheamh le daoine eile le Gaeilge.
Freagraí ó Thuismitheoirí
- Ní bheidh sé gan deacrachtaí ach is fiú go mór é a dhéanamh. Bailigh daoine eile le Gaeilge mórthimpeall oraibh agus caith am leo!
Tagairt:
Dearcadh na Saineolaithe:
Ní bheidh aon mearbhall orthu. Bíonn páistí ábalta déileáil le neart teangacha éagsúla gan aon fhadhb. Tá taighde ann a thugann le fios go mbíonn sé éasca ag paistí an dara theanga a phiocadh suas má tá bunchloch láidir acu ina dteanga baile.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Ní bheadh
2. Níor labhair mé Béarla le m’iníon ariamh; agus níl ach Béarla ag a máthair. Níl an cuma air go gcuireannn sé seo aon mhearbhall uirithi. Tá sé deas nádúrtha ina ceann féin go labhraíonn Daid i nGaeilinn agus Mam i mBéarla
3. Tá an Béarla ar fáil i ngach áit, bíonn sé speisialta an Gaeilge a labhairt le chéile mar theaghlach agus an Béarla a úsáid le daoine eile.
Tagairtí:
Kendall King and Lyn Fogle. 2006. Raising Bilingual Children: Common Parental Concerns and Current Research
Dearcadh na Saineolaithe:
Má labhraíonn tú Béarla le do phaistí nuair a bhíonn do pháirtí libh, laghdóidh tú na deiseanna atá ag do pháiste an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid. B’fhearr i bhfad Gaeilge a labhairt leo. Tabharfadh sé seo deis dod’ pháirtí an Ghaeilge a fhoghlaim trí bheith ag éisteacht leatsa ag caint le na páistí.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Níl – Tá neart tacaíochta ar fáil ó Ghlór na nGael
2. Ní bheadh.
3. Tá sé deacair, go háirithe mura dtógadh thú le Gaeilge ach is fiú an iarracht.
4. Foghlaimíonn an teaghlach sínte, taithí ‘s’agam go mbíonn siad báúil, tacúil agus bródúil.
5. Níor chóir -má cheapann do phaistí gur chóir dóibh Béarla a labhairt aon uair a bhíonn éinne gan Gaelainn ina chuideachta, is fíor annamh a labhraíonn sé/sí Gaelainn. Chomh maith leis sin, is gá do phaistí cuid maith den dteanga a chloisinn chuile lá chun í a shealbhú i gceart – ní chloisfeadh sé/sí a dhóthain dá mbeifeá á seachaint timpeall do pháirtí.
6. Labhraím Gaeilge leo i m’aonar & meascán de Ghaeilge & Béarla nuair atá muid le chéile. Oireann seo dúinne.
7. Níl….is féidir le do pháirtí Béarla a labhairt leis an phaiste. Ní raibh aon Ghaeilge ag mo pháirtí ach an oiread.
8. Sin a dhéanaim féin ach tá gach teaghlach difriúil. Bíodh comhrá agat le do pháirtí le cinntiú go bhfuil siad compordach leis an bplean agus lean ort. An mó Gaeilge a labhraítear sa teach, is é is fearr.
Dearcadh na Saineolaithe:
Bíonn modhanna éagsúla in úsáid ag teaghlaigh éagsúla chun na páistí a chur ag labhairt Gaeilge leo mar thuismitheoirí agus lena chéile mar siblíní. Is fiú labhairt leis an bpáiste faoin fáth gur mhaith leat go mbeadh siad ag labhairt leat i nGaeilge. Is fiú míniú dóibh gur chuid lárnach de shaol an teaghlach é agus go mothaíonn tú bródúil nuair a labhraíonn siad an Ghaeilge. Moltar pé rud a deir na paistí as Béarla a athrá leo as Gaeilge ach gan iad a cheartú.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Athrá an méid a dúirt siad ina dhiaidh as Ghaeilge. Moladh mór a thabhairt dóibh nuair a fhreagraíonn siad as Gaeilge.
2. Lean ort ag labhairt i nGaeilge, sin an t-aon rud a bhfuil cumhacht agat air, straitéisí eile ag brath ar aois.
3. Tá mo mhac fós ag déanamh an rud céanna….Tá sé mar dhéagóir anois!
4. Ná déan scéal mór de. Cuireann muidne Gaeilge ar cibé rud a deir ár n-iníon as Béarla.
Tagairt:
Sabine Little (2020) Whose heritage? What inheritance?: conceptualising family language identities, International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, 23:2, 198-212, DOI: 10.1080/13670050.2017.1348463
Dearcadh na Saineolaithe:
Is rud nádúrtha é do phaistí ag a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu a bheith ag úsáid teangacha éagsúla in aon abairt amháin. Formhór den ama, de réir is a éiríonn siad níos sine agus foclóir níos leithne acu ins na teangacha éagsúla, stopann an nós sin. Ach is minic daoine fós á dhéanamh agus iad fásta! Is féidir leat tacú leis an bpáiste tríd cinntiú go mbíonn deis acu foclóir leathan a chloisteáil agus fiú abairtí a rá ar ais chucu sa teanga ar mhaith leat go mbeadh an páiste á úsáid sa slí is go mbíonn deis acu an abairt a chloisteáil ina iomlán sa teanga sin. Seachas a bheith ag ceartú an páiste, is fiú athrá a dhéanamh i nGaeilge ar cad atá ráite acu i mBéarla chun go gcloisfidh siad an foclóir atá ag teastáil uathu. Tá fianaise ann chomh maith go mbíonn paistí ag measca teangacha le chéile de bharr go gcloiseann siad daoine fasta ag déanamh an rud céanna!
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Déan iarracht “domains” aonteangach sa Ghaeilge a fháil dod’ pháiste mar thacaíocht . Tá códmheascadh nádúrtha. Tarlaíonn sé i ngach comhthéacs le gach teanga.
2. Má choimeádann tú do chomhairle i nGaeilge leo amháin, rachaidh siad i dtaithí ar an nós sin leis an tuismitheoir. Ní fhadhb é toisc go bhfuil an Béarla i ngach áit timpeall orthu agus tá sé do-dhéanta rud ar bith a dhéanamh chun an Béarla a shéanadh.
3. Cruthaigh suíomh dóibh áit go bhfuil an Ghaeilge an t-aon teanga – breathnaigh ar Cúla4 le chéile agus labhair faoin clár i nGaeilge amháin leo m.sh.
4. Mol iad nuair a labhraíonn siad Gaeilge le chéile
Tagairtí:
Liane Comeau, Fred Genesee and Lindsay Lapaquette. 2003. The Modeling Hypothesis and child bilingual codemixing, International Journal of Bilingualism. 7: 113 Meisel, J. (1994).
Code-switching in young bilingual children: The acquisition of grammatical constraints. Studies in Second Language Acquisition, 16(4), 413-439.
Smolak E, de Anda S, Enriquez B, Poulin-Dubois D, Friend M. Code-switching in young bilingual toddlers: A longitudinal, cross-language investigation. Biling (Camb Engl). 2020 May;23(3):500-518. doi: 10.1017/S1366728919000257. Epub 2019 May 16. PMID: 33776543; PMCID: PMC7994944.
Dearcadh na Saineolaithe:
Níl gá ar bith an Béarla a mhúineadh ar dtús. Ní bhíonn deacrachtaí ag páistí ó thaobh sealbhú teangacha, mar a bheadh ag daoine fásta. Tá an Béarla mórthimpeall orainn, agus foghlaimeoidh an páiste í gan fhadhb. Má tá Gaeilge ag an mbeirt tuismitheoir, moltar dóibh í a úsáid in aon cumarsáid leis an bpáiste. Ní bheidh siad faoi aon míbhuntáiste ó thaobh an Béarla de bharr go mbeidh sí le chloisteail go rialta mórthimpeall orthu. Piocfaidh siad suas an Béarla go nádúrtha ón bpobal mórthimpeall, ón dteilifís, ar scoil agus eile. Mura bhfuil ach an Ghaeilge ag tuismitheoir amháin, is gá gach iarracht a dhéanamh ón tús go gcloiseadh an páiste an Ghaeilge chomh minic, nó níos minicí ná an Béarla. Is fearr go mbeadh deis ag an bpáistí réimse leathan daoine a chloisteáil ag labhairt an Ghaeilge i gnéithe éagsúla dá saol, páistí eile san áireamh.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Ní bheadh. Tá Béarla i ngach áit timpeall orthu. Piocfaidh siad é suas go héasca
2. Tá a dhóthain Béarla i ngach cúinne den tír, níl an méid céanna fíor le Gaeilge. Cur tús leis an Ghaeilge a luaithe is gur féidir
Tagairtí:
Nic Fhlannchadha, Siobhan, Hickey, Tina, 2019/05/29. Alt: Assessing children’s proficiency in a minority language: exploring the relationships between home language exposure, test performance and teacher and parent ratings of school-age Irish-English bilinguals
Dearcadh na Saineolaithe:
Is féidir leis an modh ‘Aon Teanga, Aon Tuismitheoir’ a bheith mar bhealach fíor éifeachtach chun páistí a thógail le Ghaeilge, go háirithe má tá Gaeilge ag an mbeirt tuismitheoir. Ach is féidir le deacrachtaí a bheith leis an modh seo má tá tú ag tógáil páiste le mionteanga agus gan an mionteanga sin á labhairt ach ag tuismitheoir amháin. Mar shampla, más tuismitheoir tú le Gaeilge agus gan ach Béarla amháin á labhairt ag do chéile, an teaghlach sínte agus an bpobal mórthimpeall ort le do pháiste, is beag na deiseanna a bheidh ag do phaiste Gaeilge a chloisteáil nó a úsáid i gcomparáid leis an Béarla. Chun tacú le sealbhú teanga, tá sé fíor thábhachtach go mbeadh deiseanna rialta agus cáilíochtúil ag an bpáiste an Ghaeilge a chloisteáil agus go mbeadh na deiseanna sin ar chomhchéim nó níos mó ná an Bhéarla. Chun an aidhm seo a bhaint amach, is féidir le tuismitheoirí tabhairt faoi páistí a thógail le Gaeilge in aon slí straitéiseach a oibríonn dóibh féin ach a chinntíonn go mbíonn deiseanna cáilíochtúil agus cainníochtúil ag an bpáiste an Ghaeilge a chloisteáil is a úsáid go rialta. B’fhiú a bheith ar an eolas faoi na bealaí éagsúla eile atá molta ó thaobh páistí a thógail go dátheangach chun gur féidir leat modh a roghnú atá oiriúnach daoibhse mar theaghlach agus a thugann deiseanna saibhir agus rialta dod’phaistí an Ghaeilge a labhairt, a chloisteáil agus a léamh.
Freagraí ó Thuismitheoirí
- Bheadh sé tábhachtach go mbeadh níos mó ná duine amháin le Gaeilge i saol an páiste chun go mbeadh deiseanna rialta acu an Ghaeilge a úsáid
Tagairtí:
Thordardottir E. The relationship between bilingual exposure and vocabulary development. International Journal of Bilingualism. 2011;15(4):426–445.
Lanza E. (2004): Language mixing in infant bilingualism: A sociolinguistic perspective. Oxford: Oxford University Press; 2004.
Sonia Wilson (2019): Family language policy through the eyes of bilingual children: the case of French heritage speakers in the UK, Journal of Multilingual and Multicultural Development, DOI: 10.1080/01434632.2019.1595633.
https://bilingualkidspot.com/2016/05/30/how-to-raise-a-bilingual-child/ (alt)
Dearcadh na Saineolaithe:
Bíonn modhanna éagsúla in úsáid ag teaghlaigh éagsúla chun na páistí a chur ag labhairt Gaeilge leo mar thuismitheoirí agus lena chéile mar siblíní. Is fiú labhairt le na páiste faoi cé chomh bródúil is a mothaíonn tú nuair a labhraíonn siad Gaeilge leatsa nó le daoine eile. Mol iad nuair a labhraíonn siad Gaeilge leat. Labhair leis na páistí faoi cén fáth go labhraíonn sibh Gaeilge mar theaghlach agus cé chomh tábhacht is atá sé duitse mar thuismitheoir. An rud is tábhachtaí ná dea shampla a thabhairt dod’ phaistí tríd leanúint ag labhairt i nGaeilge leo. Bí ag caint leo go minic faoi ábhair éagsúla agus ilghnéitheach chun go mbeidh deis acu foclóir leathan agus ilghnéitheach a fhoghlaim is a úsáid.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
- Déan athrá ar an méid a dúirt siad ina dhiaidh as Ghaeilge. Tabhair moladh mór dóibh nuair a fhreagraíonn siad as Gaeilge.
- Lean ort ag labhairt i nGaeilge, sin an t-aon rud a bhfuil cumhacht agat air, straitéisí eile ag brath ar aois
- Tá mo mhac fós ag déanamh an rud céanna….Tá sé mar dhéagóir anois!
- Ná déan scéal mór de. Chuireann muidne Gaeilge ar cibé rud a deir ár n-iníon as Béarla.
Tagairtí:
https://mothertongues.ie/2018/04/02/why-my-child-is-refusing-to-speak-my-language/ (alt).
Annick De Houwer (2007). Parental language input patterns and children’s bilingual use. Applied Psycholinguistics 28(03):411-424.
Satomi Mishina-Mori (2011). A longitudinal analysis of language choice in bilingual children: The role of parental input and interaction.
Dearcadh na Saineolaithe:
Más é mian do chroí páistí a thógáil le Gaeilge, cuir dúshlán romhat féin an teanga a shealbhú. Is minic a chuireann teaghlaigh faoi nósmhaireacht teanga a iompú o Bhéarla go Gaeilge le straitéisí céimnitheach. Is iomaí tuismitheoir a d’fhoghlaim an Ghaeilge taobh ar thaobh leis na páistí. An rud is tábhachtaí ná tús a chur leis an dturas teanga le chéile.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Is cuma. Labhair é chomh minic is gur féidir. Úsáid aon Gaeilge atá agat!
2. Ná bíodh imní ort. Is féidir leat foghlaim leo tríd breathnú ar cartún / leabhair a léamh leo!
3. Úsáid téarma beaga simplí – ar mhaith leat briosca? An bhfuil ort dul go dtí an leithreas. Déanfaidh seo an Ghaeilge agus dátheangachas a normalú
Tagairt:
King, K., & Fogle, L. (2006). Bilingual parenting as good parenting: Parents’ perspectives on family language policy for additive bilingualism. International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, 9(6), 695-712. https://doi.org/10.2167/beb362.0
Dearcadh na Saineolaithe:
Má tá tú ag tógail páistí le Gaeilge, is féidir leis an Ghaeloideachas, ón Naíonra go dtí an iar-bhunscolaíocht a bheith mar thacaíocht breise daoibh, go háirithe má bhíonn teanga coitianta agus láidir ar nós an Béarla in úsáid ag tuismitheoir amháin sa teach. Ach ná bí buartha mura bhfuil teacht agat ar an nGaeloideachas. An rud is tábhachtaí ná go mbeadh deiseanna leanúnach agus rialta ag na páistí an Ghaeilge a chloisteáil ó réimse leathan daoine. Léigh neart leabhair Gaeilge leo agus ceannaigh rogha deas leabhair dóibh chun nósanna léitheoireacht i nGaeilge a chothú. Lorg deiseanna don bpáiste a bheith ag spraoi agus am a chaitheamh le páistí eile le Gaeilge go rialta. Can rannta agus amhráin i nGaeilge leo & féach ar chartúin agus cláracha teilíse i nGaeilge a bheadh oiriúnach do phaistí go minic le chéile.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Déan teagmháil le Glór na nGael nó an Oifigeach áitiúl
2. Freastal ar imeachtaí Gaeilge sa cheantair
3. Gaeilge a chur ar rudaí a úsáidtear gach lá – spúnóg, cupán tae, ar mhaith leat teacht chuig an siopa?
Tagairt:
An Tumoideachas : Bua nó Dua. 2015. Páipéir roghnaithe ón gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. Eagraithe ag TJ Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire.
Dearcadh na Saineolaithe:
Tá neart páistí le Siondróm Down agus le míchumais foghlamtha éagsúla mórthimpeall an domhain le breis agus teanga amháin acu. Ón taighde atá déanta ar an ábhar, níl fianaise ar bith ann go gcothaíonn an dara theanga aon fhadhb breise don bpáiste. Ní bhíonn aon difir idir na scileanna cumarsáide atá ag páistí le moill forbartha atá dátheangach i gcomparáid le paistí ar an gcumas céanna forbartha leo atá aonteangach. Ach is gá go mbeadh deiseanna rialta agus ar chaighdeán mhaith ag na paistí an dá theanga a chloisteáil i mbealaí atá cáilíochtúil, idirghníomhach agus praiticiúil chun tacú le sealbhú an dá theanga.
Tagairtí:
Kay-Raining Bird, E., Cleave, P.L., Thordardottir, E., Cupit, J., Demers, L., Randell-Gryz, A. & Nowell, G. (2002). Language learning in children with Down syndrome: the impact of linguistic context.
Buckley, S. (2002) Can children with Down syndrome learn more than one language?. Down Syndrome News and Update, 2(3), 100-102. doi:10.3104/practice.180.
Ward, R (2020) Bangor University. Profiling the Language Abilities of Welsh-English Bilingual Children with Down Syndrome.
Kay-Raining Bird, E., Genesee, F., and Verhoeven, L. (2016). Bilingualism in children with developmental disorders: A narrative review. Journal of Communicative Disorders, 63, 1-14.
http://talknua.com/wp-content/uploads/2019/03/MultlingualChildrenWithDS.pdf (ailt)
Dearcadh na Saineolaithe:
Léiríonn tromlach an taighde go bhfuil neart buntáistí ag baint leis an dátheangachas, seachas a mhalairt. Tá intinní páistí iontach oscailte d’fhoghlaim teangacha agus níl siad srianta ag mothúcháin daoine fásta a d’fhás aníos i sochaí aonteangach.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Ní cuireadh! Níos mó buntáistí amach anseo nuair a thógtar le dhá teanga iad.
2. Níl. Cabhróidh sé leo.
Tagairtí:
Nameera Akhtar and Jennifer A. Menjivar. 2012. Cognitive and Linguistic Correlates of Early Exposure to More than One Language.
Claire Stephens BSc. 2013. Executive Function Development: A Comparison of Monolingual and Bilingual Children in Ireland.
Ellen Bialystok, PhD. 2017. Second-Language Acquisition and Bilingualism at an Early Age and the Impact on Early Cognitive Development.
Dearcadh na Saineolaithe:
Is féidir le páistí le uathachas níos mó ná teanga amháin a fhoghlaim agus a úsáid má thugtar go leor deiseanna dóibh na teangacha éagsúla a chloisteáil agus a úsaid. Ní chuirfidh an dara theanga aon moill cainte breise ar an bpáiste. Tá fianaise ann go dtacaíonn an dátheangachas le smaointeoireacht theibhí, rud a thacaíonn go mór le páistí le uathachas Bheadh sé tábhachtach go mbeadh teacht ar an bpáiste ar thástálacha forbairt linbh, measúnaithe urlabhra agus teanga agus eile ins an dá theanga atá acu chun gur féidir forbairt an linbh a mheas go cruinn. Tá fianaise ann go mbíonn saol sóisialta níos fearr ag daoine le uathachas atá dátheangach nó ilteangach ná daoine le uathachas atá aonteangach.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Níl. Tá Uathachas ag mo mhac agus is breá leis teangacha!
2. Cabhraíonn sé leo tríd bheith níos sóisialta
Tagairtí:
Elizabeth Kay Raining Bird, Fred Genesee and Ludo Verhoeven (2016) Bilingualism in children with developmental disorders: a narrative review. Journal of Communication Disorders.
Sharynne McLeod, Linda J. Harrison, Chrystal Whiteford and Sue Walker (2015). Multilingualism and speech-language competence in early childhood: impact on academic and social-emotional outcomes. Early Childhood research Quarterly 34:53-66.
Mirko Uljarević, Napoleon Katsos, Kristelle Hudry, and Jenny Gibson (2016). Practitioner Review: multilingualism and neurodevelopmental disorders- an overview of recent research and discussion of clinical implications. Journal of Child Psychology and Psychiatry.
Elizabeth Kay Raining Bird, Erin Lamond, and Jeanette Holden (2012) Survey of bilingualism in autism spectrum disorders. International Journal of Language and Communication Disorders 47(1):52-64.
Jill M. Petersen, Stefka H. Marinova-Todd and Pat Mirenda (2012) Brief report: An exploratory study of lexical skills in bilingual children with autism spectrum disorders. Journal of Autism and Developmental Disorders 42: 1499-1503.
Kaori Ohashi, Pat Mirenda, Stefka Marinova-Todd, Catherine Hambly, Eric Fombonne, Peter Szatmari, Susan Bryson, Wendy Roberts, Isabel Smith, Tracy Vaillancourt, Joanne Volden, Charlotte Waddell, Lonnie Zwaigenbaum, Stelios Georgiades, Eric Duku, Ann Thompson, the Pathways in ASD Study Team (2012) Comparing early language development in monolingual-and bilingual-exposed young children with autism spectrum disorders. Research in Autism spectrum disorders 890-897.
Catharine Hambly and Eric Fombonne (2012) The impact of bilingual environments on language development in children with autism spectrum disorders. Journal of Autism and Developmental Disorder 42: 1342-1352.
Stefka Marinova-Todd & Pat Mirenda (2016). Language and communication abilities of bilingual children with autism spectrum disorders in Multilingual Perspectives on Child Language Disorders.
Bérengère G Digard, Antonella Sorace, Andrew Stanfield, Sue Fletcher-Watson (2020). Bilingualism in autism: Language learning profiles and social experiences.
Dearcadh na Saineolaithe:
Ní bheidh. Is miotas é seo agus gan aon taighde nua-aimseartha ann a thacaíonn leis an dearcadh seo. Is féidir le páistí deacrachtaí urlabhra a bheith acu, mar a bheadh ag páistí aonteangach ach níl aon baint ag na deacrachtaí sin le cleachtais teanga an páiste agus a dteaghlach. Is féidir deis a bheith ag páistí dátheangach stóras níos mó focail, téarmaiocht agus eile a bheith acu ná páistí aonteangach.
Freagraí ó Thuismitheoirí:
1. Seafóid. Cabhróidh sé go mór amach anseo le labhairt
2. Cabhraigh sé liomsa agus mé ag fás aníos nuair a bhí imní labhairt os ard orm. Dá bhrí sin, cabhróidh sé le páistí
Tagairtí:
Dr Mary-Pat O’Malley – http://talknua.com/what-to-say-when-the-doctor-gets-it-wrong/ (Alt)
Lauren Lowry, Hanen Certified Speech-Language Pathologist. Bilingualism in Young Children: Separating Fact from Fiction (Alt)
Dearcadh na Saineolaithe:
Is féidir teacht ar sheirbhís urlabhra agus theanga i nGaeilge ach níl sé ar fáil go héasca nó i ngach contae. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (1993) tá sé mar dhualgas ar an stáit seirbhísí poiblí a chur ar fáil i nGaeilge, seirbhísí urlabhra agus theanga ina measc, agus é mar cheart ag daoine seirbhís a lorg i nGaeilge. Ach, fiú más féidir teiripeoir le Gaeilge a aimsiú, bíonn na measúnuithe chaighdeánaithe a úsáidtear i mBéarla agus gan mórán tuiscint ann go minic ar na marcóirí cliniciúil i dteangacha seachas an Béarla.
Freagraí ó Thuismitheoirí
- Déan iarracht SLT a thuigeann an dátheangachas agus atá báúil don Ghaeilge a aimsiú. Má tá Gaeilge acu, is buntáiste breise é!
Tagairtí:
Sarah-Ann Muckley. 2015. Language assessment of native Irish speaking children: towards developing diagnostic testing for speech and language therapy practice.
O’Toole, C. and Hickey, T. M. (2012). Diagnosing language impairment in bilinguals: professional experience and perception. Child Language Teaching and Therapy, 29(1), pp. 91-109. doi: 10.1177/0265659012459859
Dr Ciara O’Toole. Measúnú ar deachrachtaí teanga sa dátheangachas Gaeilge-Béarla (cur i láthair) – https://gaeloideachas.ie/wp-content/uploads/2020/05/Meas%C3%BAn%C3%BA-ar-dheachrachta%C3%AD-teanga-sa-d%C3%A1theangachas.pdf