Spreagann súgradh samhlaíocht linbh chun fás agus bláthú.

Is trí shúgradh samhlaíoch gur féidir le rudaí simplí sa bhaile a bheith mar na bréagáin is spreagúla do pháistí.

Spreagann súgradh cruthaitheacht agus cabhraíonn sé le leanaí sóisialú agus cairdeas a dhéanamh.

Cuidíonn sé le scileanna sóisialta a fhorbairt agus cabhraíonn sé leo na daoine timpeall orthu a thuiscint agus áit s’acu féin sa saol a chinntiú.

Is féidir le súgradh lasmuigh scileanna fisiciúla a fhorbairt; ag cabhrú le leanaí rith, léim agus dreapadh go sábháilte, ag cur lena n-aclaíocht agus ag cabhrú lena scileanna maithe mótair a fhorbairt.

Níos tábhachtaí fós, soláthraíonn an súgradh taobh amuigh spás do leanaí spraoi a bheith acu.

Saor-shúgradh

Tá  spraoi nach bhfuil struchtúrtha, is é sin saor-shúgradh, tábhachtach d’fhorbairt agus d’fhoghlaim an linbh ag aois óg.

Trí shaor-shúgradh, bíonn níos mó neamhpleáchais ag páistí; bogann siad idir timpeallachtaí éagsúla; bíonn siad in ann foghlaim trí eispéiris phearsanta agus forbairt ina n-am féin.

Méadaíonn sé a gcuid eolais agus tuiscint ar an domhan timpeall orthu.

Meastar go forleathan go leanann na buntáistí a éiríonn as seo ar aghaidh níos déanaí sa saol.

Nuair atá súgradh ar siúl ag na leanaí, bíonn siad ag lorg rioscaí agus forbraíonn siad féinmheas agus muinín.

Teastaíonn eispéiris dhúshlánacha choirp uathu, ach is minic a laghdaíonn daoine fásta na deiseanna seo.

Ról an tuismitheora

Ní mór, mar sin, do dhaoine fásta timpeallachtaí oiriúnacha a sholáthar don súgradh.

Is féidir le tuismitheoirí tacú le foghlaim trí shúgradh, bídís ag gníomhú mar éascaitheoir, mar chomhpháirtí súgartha nó mar chomhpháirtí cainte.

Is scil thábhachtach é a bheith ar an eolas faoi cathain is ceart seasamh siar, chun a chur ar chumas leanaí fadhbanna a réiteach go cruthaitheach agus foghlaim trí bhotúin a dhéanamh.

Is féidir le tuismitheoirí cabhrú leis na hacmhainní is fearr a roghnú chun tacú le súgradh leanaí agus é a leathnú.

Is féidir le tuismitheoirí foghlaim faoi riachtanais sugartha páistí trí:

  • Bheith airdeallach ar cad a dhéanann páistí ina gcuid súgartha;
  • Bheith airdeallach ar cá fhad a mhaireann siad ag imirt;
  • Suntas a dhéanamh de na patrúin a thagann chun cinn ina gcuid súgartha; agus
  • Bheith mar chomhpháirtí sa súgartha.