Project Description
Ról an tuismitheora sa phróiseas foghlaim cainte
Tá foghlaim na cainte ar cheann de na sileanna is tábhachtaí agus is casta a fhoghlaimíonn páistí.
Bíonn an cuma air go dtarlaíonn sé go nadúrtha ach bíonn ról nach beag ag tuismitheoirí sa phróiseas.
Dá mhéid a labhraítear le páistí is mó an seans go mbeidh siad féin ina gcainteoirí maithe, lán mhuinín agus sásta leo féin.
Ba chóir bheith ag caint le páistí i rith an lae, bódh is go bhfiol tú á gcothú, á bhfolcadh nó ag athrú an chluidín.
Bí ag caint faoi na rudaí a fheiceann tú ar do bhealach chuig na siopaí nó ag an ollmhargadh.
Bí ag caint faoi na rudaí a léiríonn an páiste féin suim iontu.
Bí ag féachaint ar an leanbh le linn duit bheith leo ag caint agus tabhair seans dóibh aisfhreagra a thabhairt ar do chomhrá.
Tabhair freagra ar bhreadráil an pháiste.
Luigh síos leis le labhair a léamh nó comhrá a dhéanamh faoi na pictiúir.
Bíodh spraoi agaibh le rannta agus dánta.
Nuair a éireoidh siad níos mó agus caint ag teacht chucu féin,
éist leis an pháiste go cúramach agus tabhair seans dóibh críochnú dá bhfuil á rá acu.
Má deir siad rud go mícheart, abair tú féin é an bealach ceart.
Bí ag amharc ar an teilifís le chéile le go mbeidh sibh ábalta comhrá a dhéanamh faoina tharlaíonn sna cláracha.