Project Description

San alt seo a leanas cuirtear tús le sraith ailt ag Marcas Mac Ruairí aar an tábhacht, an dúshlán asgu tacaíocht atá ar fáil do theaghlaigh le Gaeilge.

 

Scríobhadh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030:

 

“Tá níos mó aitheantais á thabhairt ar fud an domhain anois ar chur ar aghaidh na teanga sa teaghlach mar cheann de na príomhcheisteanna a gcaithfear a chíoradh má tá teangacha neamhfhorleathana le tabhairt slán. Teastaíonn treoir agus comhairle ó theaghlaigh ina labhraíonn na tuismitheoirí Gaeilge faoin gcaoi inar féidir leo a gcuid leanaí a thógáil mar chainteoirí cothroma dátheangacha, go háirithe mura labhraíonn ach tuismitheoir amháin an teanga. Tá fíorthábhacht leis an mbaile, leis an teaghlach agus leis an gcomharsanacht – an chéim sin d’idirghníomhú neamhfhoirmiúil cainte ó lá go lá idir seantuistí, tuismitheoirí agus leanaí – ó thaobh an Ghaeilge a choinneáil mar theanga bheo. Is é an teaghlach an chloch choirnéil ó thaobh a leithéid de chur ar aghaidh teanga.

 

Cuireann focail an Ollaimh Joshua Fishman leis an tagairt thuas ó Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge gur sa teaghlach a ghintear coimitmintí sóisialta: “Above all it is in the family that a peculiar bond with language activities (conversation, songs, stories, proverbs and felicitous expressions, verbalised emotion, verbal ritual and verbal play) is fostered, shared and fashioned into personal and social identity. (Reversing Language Shift, leathanach 409)

 

Tá an teaghlach ar an láthair is tábhachtaí le labhairt na Gaeilge agus saibhreas teanga a chinntiú do na glúnta atá romhainn. Chuige sin, bunaíodh an eagraíocht na Teaghlaigh Gaelacha i mBaile Átha Cliath sna 1960í agus leathnaigh siad amach go Corcaigh agus cathair na Gaillimhe. Le linn den ré chéanna bhunaigh grúpa teaghlaigh Gaeltacht nua ar Bhóthar Seoighe i mBéal Feirste ina bhfuil 22 teaghlach ina gcónaí anois. Cuireann fás Ghaeltacht Bhéal Feirste agus an rath leanúnach atá ar Ghaeltacht Ráth Cairn ar na féidearthachtaí i gcuimhne gur féidir cuid mhauth a bhaint amach le coimitmint agus pleanáil maith.

 

D’eagraigh na Teaghlaigh Gaelacha ócáidí le teaghlaigh a thabhairt le chéile go dtí gur thit sé i léig sna 1980í. Bunaíodh Comhluadar i 1993 leis an fholús seo a líonadh. Thug Comhluadar faoi eagrú imeachtaí, tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí tuistí is leanaí, agus do theaghlaigh aonaracha, foilsiú acmhainní agus taighde. Faoi 2011 bhí sa bhreis agus 600 teaghlach cláraithe leis an eagraíocht. Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta sa bhliain 2012 i gConamara le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ann atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Tá an dara craobh i nGaeltacht Dhún na nGall anois.

 

Nuair a rinne an Foras na Gaeilge atheagrú ar an mhaoiniú a cuirtear ar fáil d’ earnáil deonach na Gaeilge, tugadh cúraim ar chur chun cinn na Gaeilge sa teaghlach do Ghlór na nGael. Comhoibríonn Glór le grúpaí eile, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, leis an cuspóir seo a fhíorú agus le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh gurb í an Ghaeilge teanga s’acu. Aithníonn Glór go bhfuil ceithre sprioc ghrúpa san obair seo:

 

  1. Teaghlaigh lán Ghaeilge sa Ghaeltacht;
  2. Teaghlaigh lán Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht;
  3. Teaghlaigh a bhfuil dá theanga in úsáid acu; agus
  4. Teaghlaigh Bhéarla gur mhaith linn go dtiocfaidh siad ar thuras teanga.

 

Tugann Brian Ó Broin le fios go bhfuil tacaíocht de dhíth ag na teaghlaigh seo:

  • Más cainteoirí Gaeilge mar dhara teanga iad, beidh tacaíocht teanga de dhíth;
  • Má bhíonn cónaí orthu i gceantair gan cainteoirí Gaeilge eile thart orthu, beidh tacaíocht pobail ag teastáil uathu, beidh oideachas ag teastáil uathu;
  • Beidh oideachas Gaelach ag teastáil uathu; agus
  • Má bhíonn riachtanais faoil leith ag an teaghlach (teiripe urlabhra, mar shampla), beidh tacaíocht ag teastáil uathu ón Stát. (Thógamar le Gaeilge Iad, leathanach 17)

 

Is cinneadh mór é páistí a thógáil go dátheangach nó teanga seachas an teanga atá i réim i sochaí. Is féidir leis bheith dúshlánach páistí a thógáil le Gaeilge i ndomhan a bhfuil an Béarla i réim. Bíonn tionchar ag an chinneadh ar an teaghlach iomlán.

 

Is é aidhm an treoirleabhar seo ná feasacht tuismitheoirí ar na buntáistí a bhaineann leis an Ghaeilge a ardú agus iad a chur ar an eolas faoin tacaíocht atá ar fáil.

 

Beidh sraith ailt á bhfoilsiú ag Nuachtlitir Teaghlaigh Glór sna míonna romhainn ar an cheist seo, ar na dúshláin, na buntáistí agus le comhairle ar thógail páistí le Gaeilge.