Project Description
Eolaire Beag
Is eolaire beag é seo le eolas, áiseanna agus acmhainní a bheadh mar thacaíocht do theaghlaigh atá ag tógail páistí le Gaeilge nó ar mian leo tabhairt faoi saol trí Ghaeilge mar theaghlach.
Eagraíochtaí Tacaíochta & Suíomhanna idirlín
Glór na nGael
Is é Glór na nGael an ceanneagras náisiúnta atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge mar theanga teaghlaigh. Is é ról Ghlór na nGael ná a chinntiú go bhfuil tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh ar fud na tíre atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge nó ar mian leo a bheith. Bíonn clár imeachtaí á eagrú i rith na bliana fud fad na tíre agus ar líne. Cuirtear nuachtlitir teaghlaigh amach gach coicís. Is féidir clárú chun eolas a fháil faoi imeachtaí Ghór na nGael nó an nuachtlitir a fháil tríd ríomhphoist a sheoladh chuig teaghlach@glornangael.ie.
I dTreo Plean Straitéiseach don Ghaeilge Mar Theanga Chlainne
Tá straitéis náisiúnta don Ghaeilge mar theanga teaghlach molta ag Glór na nGael sa chaipéis I dTreo Plean Straitéiseach Don Ghaeilge Mar Theanga Chlainne. Is é bunchuspóir na straitéise molta ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí lena leanaí a thógáil trí mheán na Gaeilge.
Teanga Tí
Eagraíonn Glór na nGael an Scéim tacaíochta Teanga Tí, a fhéachann le spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh ar mhaith leo a bpáistí a thógáil le Gaeilge amháin nó díreach níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile. Díríonn sa scéim Teanga Tí ar líonraí de theaghlaigh Ghaeilge a chruthú agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh. Is ionann líonra agus grúpaí de theaghlaigh Ghaeilge a thagann le chéile ar bhonn rialta.
Tuismitheoirí na Gaeltachta
Tugann Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh agus tacaíocht do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Feidhmíonn an grúpa chun:
- Abhcóideacht a dhéanamh thar ceann theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga chlainne acu;
- Comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a leanaí le Gaeilge nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh;
- Imeachtaí sóisialaithe agus eile a reáchtáil do theaghlaigh a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu;
- Imeachtaí a reáchtáil do leanaí atá á dtógáil le Gaeilge agus a bhfuil sé mar aidhm leo cur lena saibhreas teanga agus le nósmhaireachtaí bisiúla úsáidte Gaeilge;
- Taighde a dhéanamh agus a scaipeadh ar cheisteanna a bhaineann le tógáil clainne le Gaeilge
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Tuismitheoirí na Gaeltachta tríd ríomhphoist chuig: eolas@tuismitheoiri.ie
Tús Maith
Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne atá ag tógaint a gclannaibh le Gaelainn chomh maith leo san gur mian leo níos mó Gaelainne a úsáid sa bhaile. Bíonn Grúpaí Súgartha, Cuairteanna Baile agus Scléip an tSathairn acu chun tacú le tuismitheoirí.
Tá comhairle ar fáil ar suíomh gréasáin faoin dátheangachas: An Ghaelainn / An Dátheangeachas
Mother Tongues Ireland
Is eagraíocht í Mother Tongues Ireland a thacaíonn le tuismitheoirí atá ag tógáil páistí in Éirinn le máthair teanga ar bith, seachas Béarla. Is eagraíocht í atá an-fháiltiúil agus tuisceaneach roimh teaghlaigh le Gaeilge. Bíonn seimineáir hréasáin, ceardlanna, imeachtaí agus féilte eagraithe acu mar thacaíocht do theaghlaigh. Is gá clárú chun páirt a ghlacadh sa traenáil / seimineáir ghréasáin ach bíonn imeachtaí na féilte srl oscailte don bpobal.
Is féidir clárú mar bhall de Mother Tongues Ireland tríd an nasc seo: Mother Tongues Ireland
Talk Nua
Is suíomh idirlín é seo do theaghlaigh maidir le conas is fearr cumarsáid a dhéanamh lena bpáistí. Tá an suíomh faoi stiúir Mary Pat O’Mally, léachtóir i dteiripe urlabhra in Ollscoil na Gaillimhe.
Tá bileog eolais i nGaeilge ar fáil ó Talk Nua mar chomhairle do thuismitheoirí maidir leis an dátheangachas, Ag labhairt níos mó ná teanga amháin sa bhaile
Tá eolas ar an suíomh faoin dátheangachas agus is féidir le tuismitheoirí comhairle a lorg tríd www.talknua.com nó tríd ríomhphoist a sheoladh chuig marypat@talknua.com
Foilsiúcháin & Bileoga Eolais
Glór na nGael
Tá lámhleabhar dátheangach foilsithe ag Ghlór na nGael, An Buntáiste Breise, maidir leis na buntáistí a bhaineann le páistí a thógáil le dhá theanga agus conas tabhairt faoi. Tá an leabhar ar díol ar líne tríd www.udar.ie.
Tá bileog beag maidir le buntáistí ag dátheangachas curtha le chéile ag Ghlór na nGael chomh maith. Tá cóip ar fáil ó teaghlach@glornangael.ie
Tá ailt le Marcas Mac Ruairí, Bainisteoir le Ghlór na nGael faoi Ag tógail páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.
Ó Ghlúin go Glúin
Tá físeán gairid ó Údarás na Gaeltachta (www.udaras.ie) ar fáil ar dhlúthdhiosca chun moladh agus tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo an Ghaeilge a bheith acu mar theanga baile.
Thógamar le Gaeilge iad
Is leabhar é Thógamar le Gaeilge Iad le Bhrian Ó Broin le Scéalta ó na dtuismitheoirí a thóg a gclann trí Ghaeilge sna 60/70dí. Tá sé ar fáil ón Siopa Leabhar anseo agus ó suíomheanna eile.
Gaschaint
Tá 2,000 frása sa leabhar Gaschaint móide CD dóibh siúd atá ag iarraidh Gaeilge a thabhairt dá gclann. Tá leaganacha ó na trí mhórchanúintí sa leabhar agus dathchódú déanta orthu. Tá dlúthdhioscaí ag dul leis an leabhar. Tá sé ar fáil ón Siopa leabhar anseo agus ó suíomhanna eile.
Ag Tógáil do Pháistí le Gaeilge – Físeáin éagsúla
Tá roinnt físeáin spéisiúla ar an ábhar ‘Ag tógail páistí le Gaeilge’ ar fáil ar an nasc YouTube thuas. Ina measc tá agallamh ón bhliain 2012 le Príomhfheidhmeannach Chomhluadar Teo, Feargal Ó Cuilinn (ar dheis Dé é), faoi na dúshláin a bhíonn ag daoine a thógann a bpáistí le Gaeilge. Bhíodh cúram ar Chomhluadar Teo ó thaobh tacaíochtaí do theaghlaigh le Gaeilge suas go dtí 2014.
Áiseanna Eile Tacaíochta
An Pacáiste Tacaíochta
Tá pacáiste teanga ar fáil saor in aisce do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge ach teagmháil a dhéanamh le teanga@tuismitheoiri.ie
Is féidir breathnú físeán faoin bpacáiste teanga anseo: Ag Tógáil Páiste Le Gaeilge
Teanga Tí
Tá acmhainní éagsúla cruthaithe nó bailithe ag Ghlór na nGael atá dírithe ar theaghlaigh le Gaeilge ar fáil ar www.teangati.ie
Scéalaíocht
Tá rogha scéalta ar Soundcloud anseo ó Foras na Gaeilge agus ó An Gúm agus tá bailiúchán físeáin scéalaíochta léirithe ag Glór na nGael ag an nasc seo Scéalaíocht le Ghlór na nGael.
Ár Scéal ó Cúla4.
Ceardaíocht
Tá rogha físeáin cheardaíochta agus tionscadal ar fáil ag an nasc seo ó Ghlór na nGael .
Ríomhaireacht & Teicneolaíocht
Seo a leanas réimse nascanna úsáideacha d’ábhar tacaiocht atá ar fáil ar líne:
Ríomhaireachta as Gaeilge: www.nascanna.com
Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge: Tionscadal PDST/ Ionad Oideachais na Gaillimhe
Aclaíocht & Spraoi Taobh Amuigh
Aclaíocht le Ghlór na nGael
Tá físeáin Aclaíochta agus gníomhaíochaí spóirt don teaghlach ó ar fáil ó Ghlór na nGael ag: Aclaíocht Ghlór na nGael.
Leabhrán ón FSS – Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte
Tá leabhrán ar fáil le neart samplaí le cluichí taobh amuigh gur féidir le páistí a imirt i ngrúpaí beaga nó móra: Gníomhach sa Chlós Súgartha
Ciarán Kilkenny
Tá sraith físeán éagsúil ar leathanach Twitter Chiarán Kilkenny maidir le forbairt scileanna peile agus iománaíochta.
Scoil Lorcáin
Tá sraith d’fhíseáin ar Chleachtaí Camógaíochta agus Iomána ar chúntas Twitter Scoil Lorcáin i mBaile Átha Cliath
PDST – An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí
Tá físeáin an mhaith ag an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí atá an úsáideach chun páistí a choinneáil gníomhach agus ag spraoi sa bhaile. Is suíomh dátheangach é seo: Gníomhaíocht le PDST (Aclaíocht & Corp Oideachais). Tá na Físeáin i nGaeilge ar fáil ar Twitter chomh maith!
- Caitheamh A
- Rith A
- Rith B
- Rith C
- Cothramaíocht A
- Cothramaíocht B
- Cothramaíocht C
- Gabháil A
- Gabháil B
- Gabháil C
- Tuirlingt A
- Tuirlingt B
- Tuirlingt C
Padlet Máire Nic an Rí
Tá áiseanna corpoideachais curtha le chéile ar padlet ag Máire Nic an Rí atá an áisiúl do thuismitheoirí: Corpoideachas – Áiseanna Teagaisc
Cúla4
- Ióga do phaistí – Twigín Ióga
- Aclaíocht – 10 @ 10
Cócaireacht
Tá blog Cócaireachta dátheangach le Diarmuid Ó Mathúna atá lán le hoidis i nGaeilge, físeáin & plé faoin gcócaireacht ag: MO food blog
Rinne Diarmuid sraith d’fhíseain cócaireachta mar chuid den gclár, Cúla4 Ar scoil. Tá teacht ar na físeáin ar an nasc seo: Cúla4 Ar Scoil
Tá neart oidis agus plé faoin mbia ag NÓS. Is iris chultúir é NÓS a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil chomhaimseartha: Oidis Nósmag
Glór na nGael – An Cúinne Cócaireachta
Tá bailiúcháin Físeáin Cócaireachta ó Ghlór na nGael ar fáil ar Youtube. Tá oidis cócaireachta ar fáil chomh maith ar Teanga Tí, suíomh idirlín Ghlór na nGael do theaghlaigh, ag www.teangati.ie.
Muintearas Físeáin
Tá roinnt oidis do bhia blasta ar fáil ar fhíseáin ó Mhuintearas, An Togra Oideachas Gaeltachta. Tá na físeáin cócaireachta ar fad, agus neart físeáin íontacha eile ar fáil ag an nasc seo: Muintearas Físeáin.
Seo roinnt de na hoidis atá ar fáil uathu. Bainigí triail astu!
Físeáin éagsúla
Gaeilge Mhaigh Cuilinn
Tá roinnt físeáin déanta ag Gaeilge Mhaigh Cuilinn atá dírithe ar theaghlaigh agus tá teacht orthu tríd an nasc seo: Gaeilge Mhaigh Cuilinn.
Tús Maith
Tugann Tús Maith tacaíocht do thuismitheoirí atá ag tógaint a gclannaibh le Gaelainn chomh maith leo san gur mian leo níos mó Gaelainne a úsáid sa bhaile. Bíonn Grúpaí Súgartha, cuairteanna baile agus Scléip an tSathairn acu chun tacú le tuismitheoirí. Tá meascán deas de fhíseáin ó Thús Maith ar fáil ar an nasc seo: Tús Maith.
Scannáin & Teilifís
Bíonn neart cláracha iontacha ar Cúla4 do theaghlaigh. Seo rogha beag dóibh:
Shrek
Is féidir breathnú ar an scannán Shrek trí Ghaeilge ar an nasc thuas.
Scannáin do dhaoine fásta
Tá bailiúcháin beag de scannáin agus cláracha i nGaeilge do dhaoine fásta curtha le chéile ar Pinterest ag An Croí Ait: Scannáin as Gaeilge.
Acmhainní Foghlamtha sa Bhaile
Póstaeir
Tá sraith phóstaeer foilsothe ag COGG chun páistí a spreagadh le bheith ag smaoineamh ar roghanna éagsúla lena gcuid smaointe a chur in iúl agus iad i mbun scríbhneoireachta: Sraith Pósteair.
Snas ar Scéal
Is áis bheag shimplí é Snas ar Scéal a bhfuil féidearthachtaí móra ag baint leis! Is é is aidhm don áis páistí a spreagadh le bheith ag smaoineamh ar roghanna eile agus ar dhóigheanna eile lena gcuid smaointe a chur in iúl agus iad i mbun scríbhneoireachta. Tá idir áiseanna clóite agus chluichí idirghníomhacha Snas ar Scéal ar fáil ann: Snas ar Scéal.
Gaeloideachas
Tá acmhainní do naíonraí agus scoileanna ag Gaelscoileanna a bheadh tacúil do thuismitheoirí sa bhaile chomh maith: Cur chuige Gaeloideachas i leith Covid-19.
D’fhoisligh Gaeloideachas leabhrán atá oiriúnach do thuismitheoirí gur foghlaimeoirí Gaeilge iad, Déan Comhrá – Cúpla Focal for Parents and Guardians. Tá sé ar fáil ó eolas@gaeloideachas.ie chomh maith.
Séideán Sí
Tá raon áiseanna agus gníomhaíochtaí digiteacha ar fáil ar www.seideansi.ie.
Cúla4 ar Scoil
Clár siamsúil scoile bunaithe ar ghnéithe de churaclam na bunscoile agus ar théamaí éagsúla gach seachtain: Cúla4 ar Scoil.
Futa Fata
Tá bailiúchain de áiseanna don seomra ranga ag Futa Fata a bheadh áisiúl do thuismitheoirí chomh maith; Áiseanna Scoile.
Acmhainní foghlamtha ó Ghaeloideachas
CCEA
Tá roinnt cluichí idirghníomhacha, a d’fhorbair CCEA, gur féidir a imirt le páistí sa bhaile: Leathanach na dTuismitheoirí.
aisteic
Tá bailiúchán íontach de nascanna chuig acmhainní ar ábhar éagsúla bunaithe ar théamaí ar nós éisteacht, labhairt agus léitheoireacht a bheadh áisiúl do thuismitheoirí: aisteic.
Spreag an Ghaeilge le Spraoi
Chuir an tSeirbhís um PDST an leabhrán seo le chéile i gcomhpháirt leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun tacú le múinteoirí an Ghaeilge a spreagadh tríd spraoi. Tá sé áisiúil do thuismitheoirí choimh maith: Spreag an Ghaeilge le Spraoi.
Aipeanna
Tá rogha aipeanna spraíúla as Gaeilge ar fáil do pháistí ar fáil le íoslódáil mar a leanas:
Tá meascán de Aipeanna éagsúla ar fáil tríd na nascanna seo:
- Google Play
- An Teach Mór don iphone /iPad
Cluichí & Bréagáin
Bíonn idir cluichí Crosfhocail, Cuardach Focail agus Aimsigh na Difríochtaí ar fáil saor in aisce ó www.crosfhocail.ie.
Tá réimse mhaith cluichí boird trí Ghaeilge ar nós Monopoly, Scrapple, Snap agus neart níos mó ar díol ag www.udar.ie
Tá réimse leathan de chluichí Gaeilge ar díol chomh maith ag www.cluiche.ie.
Teidí
Tá Teilí le Gaeilge ar fáil ó www.udar.ie. Tá Teidí líofa! Le 29 abairt móide ceithre rann Gaeilge ag Teidí, agus labhróidh sé do rogha canúna leat, Gaeilge Uladh, Chonnacht nó Mumhan.
Rannta
Tá neart dlúthdhioscaí ar fáil le rannta Gaeilge atá an-oiriúnach do theaghlaigh le páistí óga. Seo roinnt anseo thíos.
- Gugalaí Gug, Rannta Traidisiúnta Gaeilge. Dlúthdhiosca. Ar fáil ó Futa Fata
- Hup, hup a Chapaillín, Dlúthdhiosca ar fáil ón Siopa Gaeilge
- Sicín Mise Go Sona Sásta (2014), Amhráin agus Rannta don Aos Óg. Ar fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne
- Bróga Nua 1, Dlúthdhiosca & Leabhar. 100 rannta & amhrán.
- Bróga Nua 2, Dlúthdhiosca & Leabhar. 100 rannta & amhrán eile!
- Maidin sa Naíonra, Dlúthdhiosca. Amhráin agus rannta do pháistí óga á gcanadh ag Treasa Ní Cheannaigh agus Máire Breathnach
Leabharlanna Éireann
Bíonn leabhair ar fáil ar cíos saor in aisce ón leabharlann. Mura bhfuil leabhar faoi leith i nGaeilge ar fáil sa leabharlann áitiúil is féidir leo é a ordú duit ó leabharlann eile.
Bíonn ríomhleabhair agus ríomhchlosleabhair ar fáil ar líne ó Leabharlanna Éireann chomh maith tríd Borrow Box. Tá nasc chuig an Aip anseo: www.borrowbox.com
Siopaí Leabhair ar líne
Tá roinnt áit ar féidir leabhair i nGaeilge a cheannach ar líne, ina measc:
- www.udar.ie
- Futa Fata
- Siopa Leabhair, Conradh na Gaeilge
- Cló Iar-Chonnacht
- Litríocht.com
- An Ceathrú Póilí
- Siopa.ie