Project Description
Leabhair
Saibhríonn an léitheoireacht teanga agus tá leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán á bhfoilsiú agus iad ar fáil ar líne ó:
Cluichí
Tá neart cluichí agus bréagáin ar fáil ó www.udar.ie
Soláthraíonn cluiche.ie réimsí cluichí boird a thacaíonn leis an phróiseas foghlama.
Bréagáin
Tá Teidí líofa ann do leanaí óga! Le 29 abairt móide ceithre rann Gaeilge ag Teidí, labhróidh sé do rogha canúna leat- Gaeilge Uladh, Chonnacht agus Mumhan.
An Pacáiste Teanga
Tá pacáiste teanga ar fáil saor in aisce ó Rialtas na hÉireann tríd Tuismitheoirí na Gaeltachta do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Is ar theaghlaigh Gaeltachta le páiste/páistí idir 0 agus 5 bliana d’aois atá an pacáiste dírithe, ach bíonn ar fáil do theaghlaigh taobh amuigh den Ghaeltacht chomh maith.
Tá gach eolas faoin bpacáiste teanga ar fáil ó teanga@tuismitheoiri.ie