Project Description

Scéal gairid le Liam de Lása

Oíche gharbh fhuar a bhí ann. Bhí Séamaí an Béar Bán ag cailliúint a mhisnigh agus é ag dul dó fóirithint a fháil ó na heilimintí gránna.

Chroith sé a cheann go héadóchasach agus shuigh sé síos ar stól oighir a bhí ag giobadh amach ón uisce. Níor thuig sé an domhan seo a thuilleadh. Thaitin a áit dhúchais go mór leis agus bhíodh sé an-bhródúil as áilleacht an cheantair ón am a bhí sé mór a dhóthain chun é a thabhairt faoi deara.

Bhíodh cairde dílse aige agus clann mhór shláintiúil ina theannta. Ní raibh siad riamh gann ar aon rud. Bhí flúirse bídh, teach mór sábháilte, cleachtadh agus spórt ina chomharsanacht le linn a óige.

Ní haon ionadh mar sin go raibh sé in ísle brí anois. Chaith sé leathshúil sall go dtí a raibh fágtha den saol a mhair ina chuimhne ach amháin anois. Léirigh sé pictiúr duairc: Leac oighir leáite agus uisce ag sileadh isteach go míthrócaireach ina theach. An teach ar rugadh agus tógadh ann é. Slogadh an teach ina aon tonn uisce amháin. Chuir sé a cheann faoi arís in iarracht an radharc uafásach sin a dhíbirt óna intinn. Níor ardaigh sé a cheann go dtí gur chuala sé guth lagbhríoch ag glaoch cúlpla slat síos uaidh.

Cad a dhéanfaimid a Dhaid?’ arsa Seán Óg. ‘Ní féidir linn an domhan a shábháil inár n-aonar agus rachaidh ár saoil chun donais muna dhéantar rud éigin anois”.  Bhí croith eaglach ina ghlór toisc gur thuig sé an phráinn a bhain leis an gcás. Bhí cabhair ag teasáil uaidh agus óna chairde cinnte. Chuimil Séamaí a smig lena mhéaracha fad is a bhí sé ag machnamh. Bhí a fhios aige gur beag an tionchar a bhíonn ag an mbeirt acu ar an domhan mór ach go raibh smacht againn le chéile ar an saol atá romhainn.

Ba ansin a rith sé le Séamaí go raibh cúis aige a bheith dóchasach. Bhí aithne mhaith ag Séamaí ar pháistí óga na hÉireann agus bhí sé lán-chinnte go mbeidh gach aon pháiste acu sásta iad a shábháil.

Tháinig miongháire ar a aghaidh den chéad uair le blianta fada. Mhínigh sé do Sheán ansin go raibh na páistí chun traen-iarracht a dhéanamh stop a chur le scriosadh an domhain.

‘Ach conas is féidir leis na páistí cabhrú linn?’ a d’fhiafraigh Seán Óg go fiosrach agus a dhá chluas bioraithe air.

Bhuel, tá roinnt rudaí gur féidir leo a dhéanamh mar a tharlaíonn sé: Má chabhraíonn siad leis na tuismitheoirí athchursáil a dhéanamh timpeall an tí mar shampla, nó an solas/teilifís a mhúchadh sa tseomra nuair nach bhfuil siad ann. Tá a fhios agam go dtaitníonn sé leo pictiúir a tharraingt chomh maith ach dá mbainfaidís úsáid as an dá thaobh den leathanach shámhálfaí na mílte crann timpeall na cruinne agus cabhraíonn na crainn go mór lenár dtimpeallacht anseo sa Mhol Thuaidh”.

Thuig Seán ansin nach raibh said ina n-aonar agus bhí dóchas ina chroí go dtiocfaidh páistí le chéile chun teacht i gcabhair orthu gan mhoill. Thosnaigh sé ag smaoineamh ar chumhacht na bpáistí agus na laethanta geala roimhe. Laethanta sona sásta gan ocras air riamh arís.

Is gearr uainn na laethanta siúd a smaoinigh sé. Imeoidh an stoirm seo luath nó mall ach caithfimid go léir ár bpáirt a ghlacadh. Ní neart go chur le chéile.

Déan do chuid taighde féin:

Conas is féidir leatsa saol níos glaine a bheith agat agus an Béar Bán a chosaint?