Project Description

Teachtaireachtaí le teagasc don óige

Déanann spraoi amuigh faoin ghrian maitheas dúinn uilig ach má éiríonn an ghrian róthe is féidir leis dochar a dhéanamh dúinn. Is féidir le dóú na gréine lá deas samhraidh a mhilleadh ort agus méadaíonn sé baol ailse.

Tá sé ar leas páistí foghlaim faoin bhaol seo agus conas é a láimhseáil.

Seo roinnt teachtaireachtaí simplí gur féidir roinnt le páistí len iad a chosaint ón ghrian:

  • Uachtargréine – cuir neart uachtar gréine SPF 30+ agus é uiscedhíonach gach dhá uair a chloig.
  • Hata gréine – Cosnaíonn hata gréine le duileog leathan d’aghaidh, muineál agus cluasa.
  • Spéaclaí gréine – Tugann spéaclaí cosaint do shúile ó ghánna ultraivialaite.
  • T-leinte – Caith t-léine le do ghualaí a chosaint.
  • Foscadh ón ghrian – Is fiú an ghrian a sheachtaint idir 11.00 agus 15:00 ar na laethanta is teo.
  • Deochanna – Ól neart uisce

Níl aon leigheas ann

Níl aon leigheas ar dóú na gréine. Tá céimeanna ann gur féidir a ghlacadh leis an bpian agus an míchompord a mhaolú áfach.

Is fiú na céimeanna seo a leanas gur chóir a ghlacadh a bheith ar an eolas ag daoine óga:

  • Breis leachtanna a ól le díhiodraitiúchán a sheachaint.
  • Pian mhuchóirí a thógáil, ar comhairle an phoitigéara.
  • Lóis bunaithe ar aló íceach a thugann faoiseamh a úsáid. Faigh comhairle an phoitéara.
  • Éadaí éadroma atá bog ar an chraiceann a chaitheamh.
  • Cithfholcadh nó folcadán fionnuar.

· Ná bris spuaiceanna ach bac chóir ungar frithbhaictéarach a chur orthu nauir a bhriseann siad go nadúrtha.