Project Description
Suíomhanna Foghlamtha do Thuismitheoirí agus Páistí
Tá tuismitheoirí fud fad na tíre ar chumais difriúla ag foghlaim na Gaeilge taobh ar thaobh lena bpáistí.
Bíonn riachtanais difiriúla fhoghlama ó theaghlach go teaghlach.
Bíonn tacaíocht ar fáil ó na suíomhanna seo a leanas agus níos mó ná iad:
Saotharlann.com Tá neart póstaeir an-dheas agus neart níos mó a bheadh oiriúnach do thuismitheoirí nó páistí ar foghlaimeoirí iad ar fáil ar an suíomh seo.
Comhairle Curaclaim, Scrúdúcháin Agus Measúnachta
Tá réimse acmhainní curtha ar fáil ag Comhairle Curaclaim i dTuaisceart Éireann, eolas faoi churaclam na ngaelscoileanna ó thuaidh agus cluichí do thuismitheoirí agus a bpáistí. Tá an suíomh á fhorbairt faoi láthair agus beidh gach eolas ar fáil ar https://ccea.org.uk/gaeloideachas go luath.
Snas ar Scéal Is áis tacaíochta é Snas ar Scéal a chuidíonn le páistí a scileanna smaointeoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt.
potafocal.com Is foclóir ar líne é Pota focal le heolasr leagacha gramadúla agus samplaí d’fhocail in úsáid.
www.teanglann.ie Is foclóir eile ar líne An Teanglann le rochtain shaor agus réidh ar shonraí foclóireachta, gramadaí agus foghraíochta a bhaineann le focail sa Ghaeilge.
http://www.leighleat.com Is é aidhm atá leis an suíomh seo ná achmainní digiteacha a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile chun tacú leo le múineadh na Gaeilge. Mar aon leis seo, is áis é a thugann tacaíocht do pháistí agus a dtuismitheoirí agus iad ag cleachtadh na Gaeilge sa bhaile trí éisteacht le scéalta, dánta agus ceachtanna taitneamhacha.
Gaelchultúr Múintear frása nua Gaeilge anseo gach lá. Chun frása an lae inniu a fheiceáil agus a chloisteáil, cliceáil ar an gcnaipe seinnte atá i lár an fhíseáin thíos.
weandus.ie Soláthraíonn www.weandus.ie réimsí ceachtanna foghlama.
daltai.com Súomh atá lonnaithe i Nua-Eabhrac do na Gaeil thar lear.
Séideán Sí Tá raon áiseanna agus gníomhaíochtaí digiteacha ar fáil ar an suíomh seo atá bunaithe ar a bhfuil ar fáil cheana sa chlár clóite agus ar forbairt iad ar ghnéithe ar leith den chlár sin. Tagann an cúrsa leis an gcur chuige atá leagtha síos i gCuraclam na Bunscoile.
Scoilnet.ie Tá bunachar sonraí ar Scoilnet.ie ina bhfuil de bhreis ar 15,000 acmhainn ar líne, lena n-áirítear suíomhanna Idirlín, quizeanna, pleananna ceachta, nótaí, físeáin/fuaim, cluichí agus ilmheáin eile.
Leabhrán do Fhoghlaimeoirí Tá leabhrán ar fáil ó Gaeloideachas atá oiriúnach do thuismitheoirí gur foghlaimeoirí Gaeilge iad. Tá Déan Comhrá – Cúpla Focal for Parents and Guardians ar fáil ón nasc thuas.