Beidh Cóisir na Nollag le Daidí na Nollag ar siúl ar an Domhnach 11 Nollaig i Halla Ghaelscoil Nás na Ríogh, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara. Beidh
SONRAÍ IMEACHTA
Beidh Cóisir na Nollag le Daidí na Nollag ar siúl ar an Domhnach 11 Nollaig i Halla Ghaelscoil Nás na Ríogh, Nás na Ríogh, Co. Chill Dara. Beidh sólaistí, ealaín, bréagáin, amhránaíocht, rannta agus scéalaíocht mar chuid de gach ócáid agus níos mó! Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré le gsnr20@gsnr.ie. Spásanna teoranta.
Beidh na himeachtaí eile seo a leanas ar siúl ó Eanáir go Aibreán 2023.
29 Eanáir- Ceiliúradh ar Lá Bríde
12 Márta- Ceiliúradh ar Lá le Pádraig & Seachtain na Gaeilge
2 Aibreán- Cuairt ó Choinín na Cásca
Tá dátaí & imeachtaí fós le haontú d’imeachtaí i mBealtaine & Meitheamh 2023. Bí ag faire amach don eolas níos giorra den am!