Spraoi na Cásca le Líonra Teaghlaigh Thír Eoghain

Spraoi na Cásca le Líonra Teaghlaigh Thír Eoghain

01Aib10:30 rn12:00 inSpraoi na Cásca le Líonra Teaghlaigh Thír EoghainRannta, Scéalaíocht, Ceardaíocht agus Uachtar Reoite

SONRAÍ IMEACHTA

Beidh Líonra Teaghlaigh Thír Eoghain ag teacht le chéile do scéalaíocht agus spraoi na Cásca i Leabharlann na hÓmaí ar an 1 Aibreán ar 10:30rn. Beidh deis ag na teaghlaigh scéalta agus rímeanna a chloisteáil agus a roinnt le chéile. Beidh deis fosta clárú leis an leabharlann agus amharc fríd an réimse leabhar Gaeilge ar an lá. I ndiaidh giota ceardaíochta Cásca rachaidh muid trasna go dtí An Sweet Spot le huachtar reoite a fháil agus seirbhís Gaeilge geallta. Agus muid ar ais sa leabharlann ag baint sult as an uachtar reoite cuirfidh muid an dlaoi mhullaigh ar chlár imeachtaí na bliana don líonra le chéile. Bí linn, bí páirteach agus bain sult as Líonra Teaghlaigh Thír Eoghain, an líonra do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa cheantar.*

*Ní gá bheith i do chónaí sa chontae le bheith páirteach!

Is féidir tuilleadh eolais a fháil nó clárú le Sinéad Ní Mhearnóg ar sinead@glornangael.ie nó 00353 83 449 7443

more

AM

(Satharn) 10:30 rn - 12:00 in

Location

Leabharlann na hÓmaí

Go to Top