Cén fáth ar fiú dom páistí a thógail le Gaeilge?
Is buntáiste breise é do aon pháiste an deis a bheith acu dhá nó trí theanga a bheith ar a gcumas acu. Tugann an Ghaeilge nasc breise do pháistí le cultúr agus stair na hÉireann. Tugann sí geata isteach i bpobal na Gaeilge agus deis saol trí Ghaeilge a bheith acu agus iad ag fás aníos.