Dearcadh na Saineolaithe:

Bíonn modhanna éagsúla in úsáid ag teaghlaigh éagsúla chun na páistí a chur ag labhairt Gaeilge leo mar thuismitheoirí agus lena chéile mar siblíní. Is fiú labhairt le na páiste faoi cé chomh bródúil is a mothaíonn tú nuair a labhraíonn siad Gaeilge leatsa nó le daoine eile. Mol iad nuair a labhraíonn siad Gaeilge leat. Labhair leis na páistí faoi cén fáth go labhraíonn sibh Gaeilge mar theaghlach agus cé chomh tábhacht is atá sé duitse mar thuismitheoir. An rud is tábhachtaí ná dea shampla a thabhairt dod’ phaistí tríd leanúint ag labhairt i nGaeilge leo. Bí ag caint leo go minic faoi ábhair éagsúla agus ilghnéitheach chun go mbeidh deis acu foclóir leathan agus ilghnéitheach a fhoghlaim is a úsáid.

Freagraí ó Thuismitheoirí:

  1. Déan athrá ar an méid a dúirt siad ina dhiaidh as Ghaeilge. Tabhair moladh mór dóibh nuair a fhreagraíonn siad as Gaeilge.
  2. Lean ort ag labhairt i nGaeilge, sin an t-aon rud a bhfuil cumhacht agat air, straitéisí eile ag brath ar aois
  3. Tá mo mhac fós ag déanamh an rud céanna….Tá sé mar dhéagóir anois!
  4. Ná déan scéal mór de. Chuireann muidne Gaeilge ar cibé rud a deir ár n-iníon as Béarla.

 

Tagairtí:

https://mothertongues.ie/2018/04/02/why-my-child-is-refusing-to-speak-my-language/ (alt).

Annick De Houwer (2007). Parental language input patterns and children’s bilingual use. Applied Psycholinguistics 28(03):411-424.

Satomi Mishina-Mori (2011). A longitudinal analysis of language choice in bilingual children: The role of parental input and interaction.