Dearcadh na Saineolaithe:

Is rud nádúrtha é do phaistí ag a bhfuil níos mó ná teanga amháin acu a bheith ag úsáid teangacha éagsúla in aon abairt amháin. Formhór den ama, de réir is a éiríonn siad níos sine agus foclóir níos leithne acu ins na teangacha éagsúla, stopann an nós sin. Ach is minic daoine fós á dhéanamh agus iad fásta! Is féidir leat tacú leis an bpáiste tríd cinntiú go mbíonn deis acu foclóir leathan a chloisteáil agus fiú abairtí a rá ar ais chucu sa teanga ar mhaith leat go mbeadh an páiste á úsáid sa slí is go mbíonn deis acu an abairt a chloisteáil ina iomlán sa teanga sin. Seachas a bheith ag ceartú an páiste, is fiú athrá a dhéanamh i nGaeilge ar cad atá ráite acu i mBéarla chun go gcloisfidh siad an foclóir atá ag teastáil uathu. Tá fianaise ann chomh maith go mbíonn paistí ag measca teangacha le chéile de bharr go gcloiseann siad daoine fasta ag déanamh an rud céanna!

Freagraí ó Thuismitheoirí:

1. Déan iarracht “domains” aonteangach sa Ghaeilge a fháil dod’ pháiste mar thacaíocht . Tá códmheascadh nádúrtha. Tarlaíonn sé i ngach comhthéacs le gach teanga.
2. Má choimeádann tú do chomhairle i nGaeilge leo amháin, rachaidh siad i dtaithí ar an nós sin leis an tuismitheoir. Ní fhadhb é toisc go bhfuil an Béarla i ngach áit timpeall orthu agus tá sé do-dhéanta rud ar bith a dhéanamh chun an Béarla a shéanadh.
3. Cruthaigh suíomh dóibh áit go bhfuil an Ghaeilge an t-aon teanga – breathnaigh ar Cúla4 le chéile agus labhair faoin clár i nGaeilge amháin leo m.sh.

4. Mol iad nuair a labhraíonn siad Gaeilge le chéile

 

Tagairtí:

Liane Comeau, Fred Genesee and Lindsay Lapaquette. 2003. The Modeling Hypothesis and child bilingual codemixing, International Journal of Bilingualism. 7: 113 Meisel, J. (1994).

Code-switching in young bilingual children: The acquisition of grammatical constraints. Studies in Second Language Acquisition, 16(4), 413-439.

Smolak E, de Anda S, Enriquez B, Poulin-Dubois D, Friend M. Code-switching in young bilingual toddlers: A longitudinal, cross-language investigation. Biling (Camb Engl). 2020 May;23(3):500-518. doi: 10.1017/S1366728919000257. Epub 2019 May 16. PMID: 33776543; PMCID: PMC7994944.