Dearcadh na Saineolaithe:

Má labhraíonn tú Béarla le do phaistí nuair a bhíonn do pháirtí libh, laghdóidh tú na deiseanna atá ag do pháiste an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid. B’fhearr i bhfad Gaeilge a labhairt leo. Tabharfadh sé seo deis dod’ pháirtí an Ghaeilge a fhoghlaim trí bheith ag éisteacht leatsa ag caint le na páistí.

 

Freagraí ó Thuismitheoirí:

1. Níl – Tá neart tacaíochta ar fáil ó Ghlór na nGael
2. Ní bheadh.
3. Tá sé deacair, go háirithe mura dtógadh thú le Gaeilge ach is fiú an iarracht.
4. Foghlaimíonn an teaghlach sínte, taithí ‘s’agam go mbíonn siad báúil, tacúil agus bródúil.
5. Níor chóir -má cheapann do phaistí gur chóir dóibh Béarla a labhairt aon uair a bhíonn éinne gan Gaelainn ina chuideachta, is fíor annamh a labhraíonn sé/sí Gaelainn. Chomh maith leis sin, is gá do phaistí cuid maith den dteanga a chloisinn chuile lá chun í a shealbhú i gceart – ní chloisfeadh sé/sí a dhóthain dá mbeifeá á seachaint timpeall do pháirtí.
6. Labhraím Gaeilge leo i m’aonar & meascán de Ghaeilge & Béarla nuair atá muid le chéile. Oireann seo dúinne.
7. Níl….is féidir le do pháirtí Béarla a labhairt leis an phaiste. Ní raibh aon Ghaeilge ag mo pháirtí ach an oiread.
8. Sin a dhéanaim féin ach tá gach teaghlach difriúil. Bíodh comhrá agat le do pháirtí le cinntiú go bhfuil siad compordach leis an bplean agus lean ort. An mó Gaeilge a labhraítear sa teach, is é is fearr.