Dearcadh na Saineolaithe:

Ní cúis é seo gan Ghaeilge a labhairt sa bhaile. Tá sé déanta ag go leor daoine agus bíonn straitéisí difriúla i gceist ná mar a bhíonn ag teaghlaigh a bhfuil teaghlach sínte timpeall orthu le Gaeilge. Beidh neart daoine eile sa bhád céanna leat! Déan iarracht daoine eile le Gaeilge a aimsiú chun do phobal Gaeilge féin a chruthú agus deiseanna a thabhairt don bpáiste labhairt, éisteacht agus am a chaitheamh le daoine eile le Gaeilge.

Freagraí ó Thuismitheoirí

  1. Ní bheidh sé gan deacrachtaí ach is fiú go mór é a dhéanamh. Bailigh daoine eile le Gaeilge mórthimpeall oraibh agus caith am leo!

Tagairt:

An Buntáiste Breise. 2017. Marcas Mac Ruairí