Ó Ghlúin go Glúin
Tá an suíomh seo á sholáthar ag Glór na nGael le go mbeidh sé ina áis do thuismitheoirí a chinneann a bpáistí a thógáil le Gaeilge.
Tréaslaíonn Glór na nGael le tuismitheoirí a ghlac an cinneadh seo, tógáil clainne le Gaeilge.
Ar an suíomh, tá teacht ar chomhairle faoin dea-chleachtas is fearr, acmhainní tacaíochta agus spraoi, chomh maith le heolas faoi imeachtaí do theaghlaigh Ghaeilge.



Oifigeach Forbartha, Uladh
Rugadh agus tógadh Áinín Uí Chaiside sa Ghráinseach Mhór i gCo. Ard Mhacha. D’fhreastal sí ar Mheánscoil Phádraig ar an Chéide. Tá Céim Bhaitsiléara agus Céim Mháistir aici sa Ghaeilge agus sa Léann Ceilteach ó Ollscoil na Ríona agus PGCE ó Coláiste Mhuire, Béal Feirste. Bhí sí cúig bliana mar múinteoir Gaeilge meánscoile agus seal mar Oifigeach Forbartha sa Roinn Cultúr, Ealaín agus Fóillíochta ó thuaidh. Is spéis lei leitheoireacht, ranganna aclaíochta trí Ghaeilge agus siúl sléibhe.


Bainisteoir Forbartha, Gaeilge sa Teaghlach
Is as Dún Pádraig, Co. an Dúin, do Mharcas Mac Ruairí agus b’iriseoireacht a chéad ghairm. Is bainisteoir forbartha é anois le Glór na nGael i nDún Garbhán. Tá blianta fada caite aige ag plé le cúrsaí Gaeilge. Chuidigh sé le bunscoil a bhunú i nDún Phádraig. Tá ceithre leabhar staire scríofa aige agus staidéar saineolach déanta aige ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh. Tá MA aige sa Ghaeilge Nua agus Dioplóma sa Phleanáil Teanga.


Oifigeach Forbartha, Cúige Mumhan
As Baile Átha Cliath ó dhúchas, tá Cabríní de Barra ina cónaí i nDún Garbhán, Co. Phort Lairge. Tá Dioplóma aici in Obair Shóisialta & Dioplóma Ard-Oideachais i Staideár Sóisialta Feidhmeach ó Ollscoil Huddersfield. Ba thimire í le Coláiste na bhFiann fadó agus tá taithí aici mar bhainisteoir seirbhísí do dhaoine le míchumas i Sasana agus in Éirinn. Ba leas-bhainisteoir í ar Chlár Kosovar na hÉireann agus bhí sí mar bhainisteoir Teanga & Forbartha do Ghaeltacht na nDéise ó 2008-2012. Tá iníon agus mac aici.


Oifigeach Forbartha
Tá Pádraig Ó Neachtain ag obair leis an Rannóg Pobail agus leis an Rannóg Teaghlaigh, ag cuidiú le coistí agus grúpaí pobail, clubanna CLG chomh maith le solathar Ghlór na nGael do theaghlaigh Gaeilge. Tá Pádraig ag feidhmniú ar son Ghlór na nGael i gCiarraí, Luimneach agus Co. an Chláir.


Oifigeach Forbartha
Is as ceantar Iorras Aithneach i gConamara é Seán Ó Cuirrín. Is ag múinteoireacht a chaith sé formhór a shaol oibre, ag teagasc tír eolais agus corp oideachas. Tá an-suim i gcúrsaí spóirt aige, go háirithe sna cluichí Gaelacha ó thosaigh sé ag imirt do Chárna/Caiseal ag aois óg. Is cainteoir dúchais é agus tá an-chion agus suim aige i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Is é an tOifigeach Forbartha i gceantar Mhaigh Eo agus Gaillimh.


Oifigeach Forbartha
Tá Liam de Lása ag obair leis an Rannóg Pobail agus leis an Rannóg Teaghlaigh, ag cuidiú le coistí agus grúpaí pobail, clubanna CLG chomh maith le solathar Ghlór na nGael do theaghlaigh Gaeilge. Tá Liam ag feidhmniú ar son Ghlór na nGael i gCill Chainnigh, Tiobraid Árann, Laois agus Uibh Fhailí.