Gaisce Ghlór
Sprioc 1
Níl an ceann seo ró-dheacair, níl le déanamh ach teaghlach eile a bhfuil Gaeilge acu a roghnú agus glaoch a eagrú leo. Má tá tú ag iarraidh an glaoch a dhéanamh níos spraíúla, is féidir cluiche a imirt trí Zoom. Tá go leor smaointí maithe ar an leathanach seo, a bheadh furasta le himirt trí Ghaeilge.
Mura bhfuil aithne agat ar theaghlach ar bith eile a labhraíonn Gaeilge, déan teagmháil linn agus déanfaimid ár ndícheall tú a nascadh le teaghlach eile.
Sprioc 2
Seo gníomhaíocht simplí gur féidir le páiste ag aon aois tabhairt faoi ag leibhéal s’acu féin. Cuireann sé an páiste ag smaoineamh ar agus ag úsáid téarmaíocht Ghaeilge do ghnáth-earraí an tí agus ansin nuair a théann sibh chuig an ollmhargadh le chéile, is í an Ghaeilge a labhróidh sibh go nádúrtha. Seo thíos teimpléad a dtig leat a íoslódáil agus a úsáid le liosta siopadóireachta a scríobh.
Sprioc 3
Le beagnach bliain anuas tá Glór na nGael ag eagrú imeachtaí teaghlaigh den scoth ar líne, gach rud ó Biongó go Tráth na gCeist, ceardlanna damhsa, amhránaíochta, ceardaíochta agus eile. Go minic bíonn duaiseanna le baint ag na himeachtaí seo chomh maith agus iad saor in aisce le freastal orthu. Is féidir leat eolas a fháil ar na himeachtaí sin ar fad anseo:
Sprioc 4
Tá leabharlann phóiblí i mbeagnach gach baile mór ar fud na hÉireann agus bíonn réimse leabhar Gaeilge le fáil sa chuid is mó acu. Mura bhfuil, ní gá ach iad a iarraidh agus beidh foireann na leabharlainne sásta iad a fháil duit.
Ar ndóigh, i láthair na huaire ní féidir cuairt a thabhairt ar an leabharlann ach tá seirbhísí ar fáil go fóill féin, déan teagmháil le do leabharlann le fáil amach cad is féidir a dhéanamh.
Mura bhfuil ballraíocht agat le do leabharlann áitiúil is fiú go mór é a shocrú. Baineann páistí an-sult go deo as turas chun na leabharlainne gach seachtain le leabhair nua a roghnú, bíonn sé saor in aisce agus go minic bíonn imeachtaí deasa ar nós scéalaíocht nó clubanna leabhar ar siúl don phobal fosta.
Le níos mó a fháil amach, déan teagmháil le:
Sprioc 5
Nuair atá an teaghlach ag suí le chéile ag ithe, is am iontach é le bheith ag labhairt gan aon rud eile ag cur isteach ar an chomhrá; obair, obair scoile, gutháin, ríomhairí nó eile. In amanna ní chuirimid an t-am ceart ar leataobh le béiltí cearta a ithe, ach is fiú go mór é sin a dhéanamh.
Seo thíos cúpla frása le húsáid ag an tábla, agus gníomhaíocht bunaithe ar bhia gur féidir a dhéanamh le chéile.
Sprioc 6
Tá Glór na nGael ag eagrú mórshiúl fíorúil do Lá Fhéile Pádraig i mbliana agus beidh neart ar siúl againn roimh an lá féin le hullmhú dó, le ceardlanna, áiseanna, leideanna agus eile.
Is féidir amhrán a chanadh, dán a rá, bheith ag damhsa, ceol a sheinm nó díreach Beannachtaí na Féile Pádraig a ghuí orainn. Cuir na físeáin chuig micheal@glornangael.ie roimh 15ú Márta le bheith san iomaíocht le duais a bhaint nó bain úsáid as #TeangaTí #NaGaeilGhlasa ar an lá féin.
Mar chuid den fheachtas seo, beidh na himeachtaí agus na ceardlanna seo a leanas againn:
- Ceardlann damhsa ‘Jerusalema’ le Mícheál Ó Coigligh
- Ceardlann ealaíne le Sinéad Ní Chofaigh
- Ceardlann cócaireachta
- Ceardlann manglam
- Ceardlann maisiú éadaí i gcóir teidithe le Mairidh Nic Cormaic
- Ceardlann amhránaíochta opera le Gabhán Ring
Níos mó eolas anseo http://www.teangati.ie/imeachtai
Sprioc 7
Le blianta beaga anuas, tá Glór na Gael ag cur le líon na gcluichí boird Gaeilge atá ar fáil.
Is bealach iontach iad na cluichí boird le teanga páistí a fhobairt agus a spreagadh ar bhealach sultmhar.
Is féidir na cluichí seo uilig a cheannach ó www.udar.ie agus má tá ceist agat faoi aon cheann acu, déan teagmháil le aine.nieanai@glornangael.ie
Sprioc 8
Seo gníomhaíocht eile a bhfuil go leor buntáistí ag baint leis má dhéanann teaghlaigh le chéile é, ní amháin ó thaobh na teanga de ach ar go leor bealaí eile fosta.
Ar an dea-uair, tá an obair chrua déanta ag Glór na nGael duit. Sa leabhrán cócaireachta seo gheobhaidh tú neart oideas simplí, chomh maith le go leor den téarmaíocht a bhaineann le cócaireacht, agus is féidir ceann de na físeáin seo a leanúint ar An Cúinne Cócáireachta le Áinín.
Chomh maith le Glór na nGael, tá neart físeán cócaireachta déanta ag Diarmuid Ó Mathúna do Cúla4, cosúil leis an cheann seo. Is fiú go mór clárú le cainéal YouTube Cúla4 leis an ábhar iontach a fháil.
Sprioc 9
Mura ndéanann do theaghlach é seo cheana, is fiú go mór an nós seo a thosnú. Is bealach simplí eile é leis an Ghaeilge a thabhairt isteach sa teach.
Tá an t-ádh linn anois go bhfuil níos mó clár ná riamh á dhéanamh agus á léiriú as Gaeilge. Is cinnte go bhfaighfidh tú rud éigin a bhainfidh do theaghlach sult as ar cheann de na hardáin seo a leanas:
TG4: Idir TG4 féin, Cúla4, Molscéal agus Bloc, tá rud éigin ann do gach duine agus do gach aois
BBC Gaeilge Bíonn an BBC ag déanamh clár as Gaeilge chomh maith agus, cé nach bhfuil an rogha chomh fairsing le TG4, go fóill féin is fiú go mór spléachadh a thabhairt air Netflix.
Níl mórán de rogha ar Netflix GO FÓILL ach tá tús curtha. Tá an scannán ‘Spongebob an Scannán: Rith, Spúinse, Rith’ anois ar fáil ann.
Sprioc 10
Is iomaí buntáiste a bhaineann leis an léitheoireacht, do pháistí agus do dhaoine fásta. Pléann Áine Ní Ghlinn na buntáistí a bhaineann leis an léitheoireacht chomhpháirteach anseo i Webinar a rinne sí ar son Love Leabhar Gaeilge ar na mallaibh.
Ar ndóigh is féidir sult a bhaint as an léitheoireacht ar go leor bealaí na laethanta seo. Tá go leor scéalta agus leabhar á léamh ag Donach ar ár gcainéal YouTube nó is féidir éisteacht le closleabhar le chéile anseo https://soundcloud.com/siobhan-ni-mhaoildhia
Sprioc 11
Seo gníomhaíocht beag a mbainfidh idir óg agus aosta taitneamh as. Beidh páistí agus tuismitheoirí in ann am a chaitheamh lena chéile ag plé an teaghlaigh, ag déanamh taighde agus, ar ndóigh, ag baint úsáid as an téarmaíocht a bhaineann leis an teaghlach.
Is féidir ceann a dhéanamh pé dóigh is mian libh, ach seo thíos teimpléad le húsáid más maith.
Sprioc 12
Is féidir le teaghlaigh bheith cruthaitheach agus iad ag tabhairt faoin sprioc seo. Thig libh go leo plé a dhéanamh ar bhia an domhain, bia a thaitníonn libh, cad a dhéanann béile sláintiúil, conas bia a réiteach agus i bhfad níos mó. Ní gá stopadh ag biachlár amháin ar ndóigh, is féidir pleanáil don seachtain agus roinnt oideas nua a thriail le chéile.
Seo thíos biachlár samplach agus teimpléad le híoslódáil.
Sprioc 13
Cuidíonn amhráin agus an a mbíonn iontu go mór le páistí agus iad ag sealbhú teanga. Cuimhníonn athrá agus rithim le páistí cuimhniú ar fhocail go héasca agus bíonn siad in ann focail nua a chloisteáil agus a úsáid sa chomhthéacs ceart. Ní amháin sin ach tugann amhráin tuiscint ar mhothúcháin dúinn. Baineann daoine sult as bheith ag canadh agus, mar sin, cuidíonn sé leis an sláinte intinne.
Tapaigh an deis anois agus bígí ag canadh le chéile. Seo roinnt áiseanna daoibh:
Leabhair
- Mo Chuid Amhráin Gaeilge le Tatyana Feeney
- Ceol Leat le Altram
- Ící Pící le Doiminic Mac Giolla Bhríde
Nascanna
Sprioc 14
Seo deis daoibh a bheith cruthaitheach. Glacaigí inspioráid ó na cruthaitheoirí iontachta ar TikTok agus déanaigí bhur bhfíseán gairid féin (15 soicind go bomaite amgáin) ar aon ábhar is mian libh.
Seo thíos cúpla sampla
Sprioc 15
Bíonn sé deas ó am go ham do scíth a ligint ar feadh tamaill agus crosfhocal nó cuardach focal a dhéanamh. Baineann idir pháistí agus dhaoine fasta sult astu agus tá go leor buntáistí ag baint leo chomh maith. Seo roinnt de na buntáistí sin:
- Neartaíonn siad nascanna sóisialta: is féidir crosfhocal a dhéanamh le chéile ach is fearr ceann a dhéanamh le duine eile.
- Cuireann siad le do stór focal
- Cuireann siad le heolas ginéaralta
- Maolaíonn siad strus
- Fobraíonn siad diansheasmhacht agus cumas fadhbanna a réiteach
Tá réimse crosfhocal agus cuardach focal ar ár suíomh féin: https://www.teangati.ie/catagoir-punann/puzail-cluichi/
Nó is fiú cuairt a thabhairt ar an suíomh seo, áit a mbíonn crosfhocal nua gach lá:
Sprioc 16
Beidh píosa spraoi agaibh leis an cheann seo. B’fhéidir go ndéanann sibh é seo cheana go nádúrtha ach, mura ndéanann, is féidir tosnú anois.
Seo thíos Hiúdaí ag cleachtadh a chuid Gaeilge agus roinnt téarmaíocht le cuidiú leat.
Sprioc 17
Arís, baineann an sprioc seo leis an iarracht breise a mbíonn de dhíth in amanna gan tiontú ar an Bhéarla nuair is é sin an rogha is éasca.
Seachas sin, bain triail as bhur seoladh a úsáid i nGaeilge i gcónaí.
Tá an dá áis seo fíor-úsáideach agus suimiúil ó thaobh na logainmneacha de.
Sprioc 18
Cuideoidh seo go mór le téarmaíocht a fhorbairt. In amanna bímid ró-ghnóthach nó ró-fhalsa focal nach bhfuil againn a chuardach agus tiontaímid ar an Bhéarla. Leis an sprioc seo, is féidir díriú ar na rudaí sin agus cur i gcuimhne a chruthú duit féin.
Nó is féidir iarraidh ar na páistí comharthaí deasa a dhéanamh dá seomraí leapa.
Seo thíos roinnt smaointí le sibh a spreagadh.
Sprioc 19
Tá seo difirúil ó sprioc 7. Nílimid ag iarraidh oraibh cluiche boird Gaeilge a imirt ach cluiche nach cluiche Gaeilge é a imirt trí Ghaeilge. Is féidir seo a dhéanamh le go leor cluichí ar nós Ludo, Twister, Guess Who, Snakes and Ladders, Connect 4 agus neart eile.
Sprioc 20
Tá go leor aipeanna agus áiseanna macnaimh ar fáil trí Bhéarla, agus baineann go leor againn sult agus tairbhe astu sin. Ach cad faoi iarracht a dhéanamh bhur gcleachtadh macnaimh a dhéanamh le chéile, agus é a dhéanamh trí Ghaeilge?
Seo thíos cúpla áis:
Aireachas Seacláide le Coinín na Cásca
Cúrsaí macnaimh agus aireachais do pháistí agus do dhaoine fásta:
Sprioc 21
Tá an Ghaeilge mórthimpeall orainn sa tír seo, ach in amanna bímid chomh cleachtaithe leis na rudaí atá thart orainn nach bhfeicimid iad mar is ceart. Seo deis le hamharc níos géire ar do cheantar féin agus toraíocht taisce beag a dhéanamh. Seo gníomhaíocht iontach le déanamh le páistí le taispeáint dóibh an oiread Gaeilge atá le feiceáil ina gceantar féin, ach é a chuardach.
Leis an gníomhaíocht seo a dhéanamh níl de dhíth ach guthán nó ceamara agus ar aghaidh libh. Seo roinnt samplaí:
Sprioc 22
Bíonn an saol an-ghnóthach ar fad na laethanta seo agus, nuair nach mbíonn srianta Covid i bhfeidhm, is minic a mbíonn páistí agus daoine fasta ag rith ó áit go háit. Téann an páiste ón scoil go dtí imeachtaí iar-scoile, ansin bíonn obair bhaile le déanamh. Ag an deireadh seachtaine bíonn gníomhaíochtaí eile ar siúl ar nós traenáil spóirt agus ar ndóigh, tá an teicneolaíocht gach áit thart orainn agus muid uilig ag caitheamh barraíocht ama ar scáileáin. Mar sin, is iontach an rud é giota ama a chaitheamh leat féin i mbun léitheoireachta le faoiseamh a fháil ón luas sin.
Chomh maith leis seo, cuidíonn an léitheoireacht neamhspléach le páistí a gcuid samhlaíochta a úsáid, domhain eile a fhiosrú sna leabhair, a gcuid mothúcháin a fhiosrú agus scileanna réiteach fadhbanna a fhorbairt.
Tá réimse leathan leabhar ar fáil ó www.udar.ie nó is féidir éisteacht le closleabhair anseo
Sprioc 23
Trí scéal a chumadh agus a insint, bíonn deis ag páistí foghlaim faoi theanga, faoi chultúr agus faoi dhaoine. Tá nasc idir cumas paistí scéalta a insint agus a thuiscint agus a gcumas teanga agus litearthachta. Thig leat níos mó a léamh ar an ábhar sin anseo.
Ní amháin seo ach is gníomhaíocht sultmhar é rud éigin a chruthú agus an samhlaíocht a úsáid le carachtar, plota nó suíomh úr a chruthú.
Seo thíos roinnt teimpléad gur féidir a úsáid le scéal a chumadh le do pháistí.
Sprioc 24
Is gníomhaíocht iontach é seo leis an teaghlach ar fad a thabhairt amach faoin spéir agus tabhairt faoi ghníomhaíocht deas le chéile. Níos fearr arís, bíonn neart seacláide le hithe ag an deireadh.
+Is féidir úsáid a bhaint as an áis seo atá cruthaithe againn daoibh. Tá 4 rud i gceist leis:
- Comharthaí le haghaidh toraíocht uibheacha
- Leideanna do thoraíocht uibheacha
- Leideanna do thoraíocht uibheacha do dhéagóirí
- Leideanna do thoraíocht uibheacha gníomhach
Cuir na leathanaigh ar mhaith leat úsáid a bhaint astu i gcló agus bain sult as an Cháisc.
Sprioc 25
Tuigimid uilig na buntáistí a bhaineann le bheith gníomhach gach lá don chorp agus don intinn. Ach an féidir leat bheith níos airí agus sibh amuigh ag siúl mar theaghlach, ag díríú airde níos mó ar na rudaí a fheiceann sibh nó a chluineann sibh thart oraibh.
Seo deis le labhairt ar ainmneacha Gaeilge na gcrann agus na mbláthanna mar shampla, agus an téarmaíocht sin a chleachtadh.
Seo roinnt téarmaí le sibh a chur ag smaoineamh.
Sprioc 26
Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an idirlíon ná riamh, tá go leor dó saor in aisce chomh maith. Is iontach an rud é go raibh grúpaí agus eagraíochta Gaeilge gnóthach le linn na dianghlasála ag cruthú ábhar fíorúil dá lucht leanúna, Glór na nGael san áireamh.
Sa dushlán seo, déan iarracht teacht ar 5 fhíseán ar YouTube nach bhfaca sibh riamh.
Seo cúpla nasc a mbeadh suim ag páistí ann:
Gaeilge do Pháistí le Eoin Ó Conghaile
Gugalaí Gug, Amhráin do Pháistí le Deasúin Ó Nualáin
Rógairí Beaga le Tús Maith
Ag Tógáil Paistí, Inniu agus Inné le Céim Ar Aghaidh
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge le Céim Ar Aghaidh
Sprioc 27
Tá neart áiteanna anois ar líne gur féidir cártaí galánta Gaeilge a cheannach. Seo thíos cuid acu:
Bainfidh páistí an-sult as ceann a dhéanamh áfach. Mar sin tóg amach an t-ábhar ealaíne agus bígí cruthaitheach.
Sprioc 28
Bíodh píosa spraoi agaibh leis an cheann seo. Is féidir físeán gairid nó grianghraf a chur chuig cara agus píosa téacs Gaeilge nó scagaire Gaeilge a chur air. Seo thíos cúpla sampla de na scagairí contae atá ar fáil ar Snapchat.
Sprioc 29
Cuidíonn dánta agus rannta go mór le páistí le teanga a fhoghlaim agus a shealbhú de bhrí go mbíonn go leor athrá agus rím iontu. Tá an t-ádh linn go bhfuil neart leabhar dánta do phaistí anois ar fáil ar an mhargadh, seo thíos cuid acu.
Leabhair Dánta:
An Bogha Báistí le Frank Leonard
Dánta do Pháistí le Séamus Ó Néill
Báidín Fheidhlimidh le Éabhlóid
An Píobaire Breac agus Dánta Eile do Pháistí ó Cló Iar-Chonnacht
Gugalaí Gug le Tadhg Mac Dhonnagáin
Sprioc 30
Bíodh píosa spraoi agaibh leis an cheann seo. Is féidir físeán gairid nó grianghraf a chur in airde agus greamán, téacs, GIF nó ceol Gaeilge a chur leis. Tá neart cuntas agus grúpaí Gaeilge ar an dá ardán seo gur fiú a leanúint nó bheith páirteach iontu chomh maith le smaointí a fháil uathu. Seo thíos cúpla sampla de na greamáin ghalánta atá ar fáil ar Instagram.
Sprioc 31
Bíonn samhlaíocht den scoth ag páistí agus is fiú é sin a spreagadh. Ar ndóigh is féidir na cluichí seo a imirt trí Ghaeilge, agus seo roinnt áiseanna a thabharfaidh cúpla smaoineamh daoibh ar chluichí nua le triail.
COGG – Cluichí Clóis
Tá an áis seo dírithe ar scoileanna ach is féidir go leor de na cluichí a imirt sa bhaile fosta. Tá leagan PDF de ar fáil chomh maith le físeáin anseo.
Galway Childcare – Cluichí, Amhráin agus Rannta Traidisiúnta le fáil anseo
Rannta:
Aoine maoine maighne mó
Tá na muca istigh sa chró
Cé atá dul a chónaí leo?
Aoine maoine maighne mó
Aon, dó, trí
Fathach mór buí
Amach leat! Amach leat!
Aon, dó, trí
Aon, dó, trí, ceathair
Cé hé an réalta inár láthair?
Suas an dréimire, síos an nathair,
Aon, dó, trí, ceathair
Sprioc 32
Seo sprioc beag simplí. Scríobh téacs trí Ghaeilge le do pháistí agus seol é chuig gaol nó cara. Is féidir é a chur chuig duine a bhfuil Gaeilge acu cheana nó tosaigh comhrá le duine nach labhraíonn an Ghaeilge ó lá go lá.
Seo thíos roinnt de na giorrúcháin is coitianta gur féidir libh a úsáid.
Sprioc 33
Tá neart áiteanna anois ar líne gur féidir cártaí galánta Gaeilge a cheannach. Seo thíos cuid acu:
Bainfidh páistí an-sult as ceann a dhéanamh áfach. Mar sin tóg amach an t-ábhar ealaíne agus bígí cruthaitheach.
Sprioc 34
Cuidíonn an gníomhaíocht seo leis an teanga scríofa a fhorbairt agus is féidir bheith cruthaitheach le focail. Is féidir aon sórt dán a scríobh ar ábhar ar bith faoin spéir, ach seo thíos teimpléad gur féidir a úsáid le dán acrastach a scríobh faoi do theaghlach.
Sprioc 35
Ní bheidh aon ghanntanas roghanna ann leis an sprioc seo a bhaint amach in ainneoin na srianta Covid-19, le himeachtaí iontacha ag tarlú fud fad na tíre agus ar fud an domhain chomh maith.
Tá neart imeachtaí teaghlaigh beartaithe ag Glór na nGael féin, idir cheardlann ealaíne, ceardlann damhsa, ceardlann amhránaíochta agus eile.
Is fiú súil a chaitheamh ar https://peig.ie/event-category/snag/ le fáil amach cad eile atá ag tarlú a mbeadh suim agat ann.
Sprioc 36
Seo gníomhaíocht eile a bhfuil go leor buntáistí ag baint leis má dhéanann teaghlaigh le chéile é, ní amháin ó thaobh na teanga de ach ar go leor bealaí eile fosta.
Ar an dea-uair, tá an obair chrua déanta ag Glór na nGael duit. Sa leabhrán ceardaíochta seo, gheobhaidh tú neart gníomhaíochtaí ceardaíochta simplí agus is féidir ceann de na físeáin Ceardaíocht le Pádraig a leanúint.
Sprioc 37
Is féidir cumarsáid a dhéanamh ar go leor bealaí na laethanta seo gan aon stró. Taobh istigh de chúpla soicind is féidir linn labhairt le duine ar an taobh eile den domhan.
Ach tá rud éigin deas bainte le litir a fháil. Tá sé níos pearsanta agus bíonn iarracht níos mó ag teastáil le litir a scríobh. Cuireann sé leis an chumas scríbhneoireachta chomh maith agus taispeánann sé don pháiste go mbíonn teaghlaigh eile ag labhairt agus ag scríobh as Gaeilge.
Bain triail as na háiseanna thíos le cuidiú leat dul i mbun scríbhneoireachta.
Sprioc 38
Is nós é dialann a scríobh a chuidíonn go mór leis an pháiste ar go leor bealaí, seo roinnt acu:
*Neartaíonn sé scileanna scríofa agus scileanna cumarsáide
*Cuireann sé le scileanna léamhthuisceana
*Cuireann sé in iúl gur gníomh sultmhar é an scríobh
*Spreagann sé cruthaitheacht
*Cuidíonn sé le páistí mothúcháin agus tuairimí eile a thuiscint
*Cuidíonn sé le páistí a gcuid mothúcháin agus smaointí a chur in iúl
Is deas an rud é an gníomhaíocht seo a dhéanamh le chéile agus ní gá go nglacfaidh sé mórán ama nó go mbeidh sibh ag scríobh ailt mhóra fhada.
Tóg cúig déag bomaite agus bain triail as na nodanna seo.
Sprioc 39
Bíonn an-chraic ag páistí agus ag daoine fásta leis an chluiche seo. Priontáil cóip den teimpléad thíos do gach imreoir agus ar aghaidh libh.
Is féidir fosta na rannóga a athrú go dtí téamaí eile lena dhéanamh níos deacra m.sh. aidiacht, duine clúiteach, ainmhí srl. Tá go leor féidearthachtaí leis.
Seo iad na rialacha a bhaineann leis an chluiche:
- Bíonn cóip den leathanach agus peann ag gach imreoir
- Caithfear litir den aibítir a roghnú go randamach leis an chéad bhabhta a imirt
- Agus an litir roghnaithe, caithfidh gach imreoir ainm fireann, ainm baineann, cineál bia agus áit a thosaíonn leis an litir sin a scríobh ar an leathanach go gasta
- Scairteann an chéad duine le críochnú ‘Stad an Bus!’
- Ansin déantar cuntas ar na marcanna. Bronntar 10 marc ar fhreagra nár scríobh éinne eile. Bronntar 5 mharc ar fhreagra a scríobh níos mó ná duine amháin
- Ag an deireadh, is é an buaiteoir an duine leis an líon is mó marcanna
Sprioc 40
Bíonn an-éileamh ar ranganna ióga ar Zoom na laethanta seo. Má bhíonn tú féin ag dul dó, is fiú é a dhéanamh in éineacht leis an teaghlach agus trí Ghaeilge. Seo thíos cúpla duine a bhíonn ag ofráil ranganna ióga trí Ghaeilge.
Yoga as Gaeilge don Chlann le Clodagh agus Orlagh
Agus seo iad roinnt de na staidiúirí ióga