Sinéad Ní Mhearnóg Uí Ghéibheannaigh

2023-08-30T09:56:31+01:00October 13th, 2022|

Is Eoghanach í Sinéad Ní Mhearnóg Uí Ghéibheannaigh as an Caisleán Glas i lár Sléibhte Mhuintir Luinigh. Tá Céim Bhaitsiléara aici i nGaeilge agus Spáinnis ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Céim Mháistir i bPleanáil Teanga. D’oibrigh sí le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá taithí leathan aici ar chúrsaí óige agus tá sí bainteach le grúpaí forbartha pobail áitiúla ina ceantar.