Podchraoladh 1 – Agallamh le Gillian Love

Tógadh Gillian Love le Béarla i gContae na Mí. Labhraíonn sí go hoscailte le Sinéad Ní Uallacháin faoin gaol atá aici féin leis an Ghaeilge anois agus í pósta. Tá páiste amháin atá aon bhliain d’aois á thógáil aici féin agus a bean céile.

Podchraoladh 2 – Agallamh le Brian Ó Broin

I gcomhluadar Sinéad Ní Uallacháin tá Gaillimheach a bhfuil clann á thógáil aige féin agus a bhean le Gaeilge agus le Gearmáinis i Nua-Gheirsí, Meiriceá. Roinneann Brian Ó Broin a thaithí agus a thuairimí ar thógáil páistí le níos mó ná teanga amháin san agallamh spéisiúil seo.