Tá Niamh ag obair mar Oifigeach Forbartha sa rannóg Teanga Tí in oirthuaisceart na tíre. Rugadh agus tógadh Niamh in Iúr Cinn Trá agus is ansin a thit sí i ngrá leis an Ghaeilge agus í ag freastal ar an bhunscoil lán-Ghaeilge sa cheantar. Tá sí ag cur fúithí anois i mBéal Feirste. Tá céim sa Ghaeilge agus sa Fhraincis bainte amach aici ó Ollscoil na Banríona agus ta sí cáilithe mar mhúinteoir meánscoile Gaeilge agus Fraincís.