Is Eoghanach í Sinéad Ní Mhearnóg Uí Ghéibheannaigh as an Caisleán Glas i lár Sléibhte Mhuintir Luinigh. Tá Céim Bhaitsiléara aici i nGaeilge agus Spáinnis ó Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus Céim Mháistir i bPleanáil Teanga. D’oibrigh sí le Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire agus le Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá taithí leathan aici ar chúrsaí óige agus tá sí bainteach le grúpaí forbartha pobail áitiúla ina ceantar.

Tá Sinéad Ní Mhearnóg Uí Ghéibheannaigh ag obair leis an Rannóg Teanga Tí de chuid Ghlór na nGall, ag cuidiú le coistí agus grúpaí pobail le soláthar do theaghlaigh Ghaeilge.  Tá Sinéad ag feidhmiú i nDún na nGall, Doire, Tír Eoghain, Ard Mhacha, Fear Manach, Ros Comáin agus Muineachán.