Comhoibríonn Glór na nGael le coistí deonacha agus teaghlaigh aonaracha timpeall na hÉireann, á gcomhairliú maidir le pleanáil teanga agus dea-chleachtas. Bíonn na coistí seo ag saothrú leo ag cruthú pobal labhartha Gaeilge ar bhonn logánta.
Tá an scéim seo oiriúnach dóibh ina n-iarrachtaí an pobal sin a chruthú sna cheantair ina mbíonn siad ag feidhmiú. Is féidir le teaghlaigh páirt a ghlacadh sa scéim Teanga Tí tríd líonraí de theaghlaigh a chruthú a thagann le chéile go sóisialta ar bhonn rialta trí Ghaeilge.
Is féidir leis na coistí pobail iarratas páirt a ghlacadh sa scéim a chur chuig Glór na nGael ar son na dteaghlach.
Nó má tá spéis ag aon ghrúpa de theaghlaigh tacaíocht a fháil chun líonraí teaghlaigh le Gaeilge sa cheantar a láidriú, a leathnú agus a fhorbairt, is féidir teagmháil a dhéanamh le teaghlach@glornangael.ie agus cuirfear iad i dteagmháil leis an tOifigeach Forbartha don gceantar i dtreo tacaíocht agus comhairle a fháil.