Teanga Tí i scoilphobail
Spreagann an scéim Theanga Tí i scoilphobail teaghlaigh níos mó Gaeilge a labhairt sa bhaile agus é sin a dhéanamh níos minice.
Cé go mbaintear úsáid as scoileanna mar bhealach chun an gréasán de theaghlaigh Ghaeilge a bhunú agus a éascú, feidhmíonn na gréasáin lasmuigh de struchtúr bainistíocht na scoile, lasmuigh de gheataí na scoile agus lasmuigh de amannta oifigiúla na scoile.
Is íosmhéid de chúig theaghlach atá de dhíth le bheidh páirteach sa scéim. Is féidir go bhfuil Gaeilge líofa nó Gaeilge mheasartha ag tuismitheoirí agus iad ag iarraidh feabhas a chur lena gcumas nó iad ar bheagán Gaeilge ach gur mian leo caighdeán níos airde a bhaint amach.
Tá áit ann dóibh uile sa scéim seo.
Má tá suim ag éinne páirt a ghlacadh i dTeanga Tí, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Glór na nGael.